10 Márta, 2025
Tacaíochtaí Scoile Do Ráiteas An Chláir Idirbhliana
I gcomhar le Comhordaitheoirí na hIdirbhliana agus saineolaithe ábhartha eile, cheap CNCM na tacaíochtaí seo a leanas chun cabhrú le scoileanna a gcláir Idirbhliana a iniúchadh agus curaclam Idirbhliana a fhorbairt i gcomhréir le Ráiteas an Chláir:
- Bhur gclár Idirbhliana a athnuachan agus a iniúchadh
Ceapadh na hacmhainní seo, a bhfuil eiseamláirí iontu agus atá bunaithe ar eispéiris scoile, i gcomhar le foireann de Chomhordaitheoirí Idirbhliana. - Treoir maidir leis an gcomhpháirt Forbartha Punainne
Cuirtear faisnéis phraiticiúil ar fáil san acmhainn seo maidir le forbairt agus úsáid phunann an scoláire. Moltar gníomhaíochtaí don seomra ranga san acmhainn, chomh maith le leideanna a d’fhéadfadh a bheith úsáideach do mhúinteoirí agus iad ag tacú le hobair a scoláirí ar an bpunann. - Micreamhodúl a fhorbairt
Eispéireas foghlama comhchruinnithe, solúbtha is ea micreamhodúl a d’fhéadfadh a bheith ina chomhpháirt aonair nó ina chomhpháirt chomhtháite de chlár Idirbhliana na scoile. D’fhoilsigh CNCM teimpléad agus treoir do scoileanna agus eagraíochtaí ar mian leo a micreamhodúl féin a fhorbairt. - Micreamhodúil a d’fhorbair CNCM
Tá micreamhodúil á bhforbairt ag an CNCM is féidir a úsáid i gclár Idirbhliana scoileanna. Ina measc sin tá micreamhodúl 10 n-uair an chloig do ghníomhaíochtaí inbhuanaithe, faoi cheannas scoláirí mar chuid den Rannpháirtíocht Shibhialta agus Phobail. Foilseofar micreamhodúil eile ar curriculumonline.ie de réir mar a fhorbrófar iad. - Acmhainní le haghaidh OSPS na hIdirbhliana
Chun tacú le teagasc agus foghlaim OSPS san Idirbhliain, tá tacaíochtaí ar fáil anois ar curriculumonline.ie - Comhpháirteanna Modúlacha na hIdirbhliana
Tá comhpháirteanna modúlacha foilsithe ag CNCM chun cur le cláir na hIdirbhliana, ina measc an modúl Gairmoideachais agus Gairmoiliúna tosaigh (iVET) chun tacú le scoileanna naisc a fhorbairt le soláthraithe Breisoideachais agus Ardoideachais. Tá an modúl ‘Ceannairí Litearthachta Matamaitice a Chumhachtú’ ar fáil freisin.