Uirlisí Úsáide CTB: Sraith Tacaíochtaí Nuashonraithe

Agus Seachtain na Gaeilge ag teannadh linn, féach ar Uirlisí Úsáide Theanga na Bunscoile a nuashonraíodh chun smaointe a fháil ar conas an taitneamh a bhaineann páistí as foghlaim teangacha a chothú. Athcheapadh na huirlisí úsáide le tacaíochtaí nua a dhíríonn ar fhoghlaim agus ar theagasc an Bhéarla agus na Gaeilge araon. Is fiú féachaint air!

10 Márta, 2025

Uirlisí Úsáide CTB: Sraith Tacaíochtaí Nuashonraithe

Áirítear le hUirlisí Úsáide Theanga na Bunscoile físeáin ina bhfuil Samplaí d’Fhoghlaim Teanga na bPáistí, na Contanaim Dul chun Cinn agus Ábhair Thacaíochta ina dtugtar breac-chuntas ar phríomhchuir chuige oideolaíocha.

Agus Seachtain na Gaeilge ag teannadh linn, b'fhéidir gur mhaith leat breathnú ar na Físeáin Shamplacha a cuireadh leis na hUirlisí le déanaí. Ina measc siúd tá samplaí a bhaineann le foghlaim agus teagasc an Bhéarla agus na Gaeilge i gcomhthéacsanna scoile éagsúla. Seo a leanas cuid de na hábhair agus na cuir chuige a léiríodh:

  • Amharclann an Léitheora
  • Teagasc Comhtháite Ábhair agus Teanga (TCÁT)
  • An Cur Chuige Cumarsáideach
  • Cur Chuige Comhtháite agus Feasacht Teanga
  • Díospóireachtaí
  • Saibhreas Teanga agus Gramadach i gComhthéacs (Gaeltacht)
  • Struchtúr Abairte (Scoil lán-Ghaeilge)
  • Gníomhaíochtaí Luathléitheoireachta agus Cur Chuige Spraíúil (Gaeltacht)

Ábhair Thacaíochta nua curtha leis, ina measc smaointe praiticiúla maidir le Múineadh na Gaeilge, ar nós Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga (FCÁT) agus Tacú le Rannpháirtíocht sa Léitheoireacht Ghaeilge. Tá Ábhar Tacaíochta nua ann freisin maidir le Leabhair Pictiúr a úsáid, a thaispeánann conas is féidir leo tacú le forbairt teanga, litearthachta agus eolais páistí.

Ná dearmad go ndéanann na Contanaim Dul chun Cinn cur síos níos mionsonraithe ar Thorthaí Foghlama, agus mar sin is uirlis chabhrach iad chun gníomhaíochtaí agus eispéiris a thacaíonn le forbairt teanga páistí a phleanáil.

Athdhearadh leagan amach na nUirlisí Úsáide chun iad a dhéanamh níos fusa le stiúradh agus chun tacaíochtaí nua agus reatha a fhiosrú. Bain triail astu!

Is féidir teacht ar na hábhair thacaíochta sin, agus tuilleadh nach iad, ar https://www.curriculumonline.ie/ga-ie/primary/curriculum-areas/primary-language/