Araibis

Thug CNCM faoi athbhreithniú agus athfhorbairt ar Araibis na hArdteistiméireachta le déanaí.

Comhthéacs
Cuireann CNCM comhairle ar an Aire Oideachais faoi chúrsaí curaclaim agus measúnaithe don oideachas luath-óige, do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna. Mar chuid den athfhorbairt níos leithne ar an tSraith Shinsearach, cuirfear sonraíocht nua d’Araibis na hArdteistiméireachta i bhfeidhm i scoileanna ó mhí Mheán Fómhair 2025. Bhí ról lárnach ag Meitheal Forbartha Araibis na hArdteistiméireachta san obair seo. Chuimsigh an Mheitheal sin ainmnithe de chuid na gcomhpháirtithe oideachais, na Roinne Oideachais agus príomhghníomhaireachtaí oideachais eile. 

Foghlaim tuilleadh faoi athfhorbairt Araibis na hArdteistiméireachta anseo thíos.

 

Ba é an chéad chéim san athfhorbairt ar Araibis na hArdteistiméireachta ná an taighde a rinneadh agus an Cháipéis eolais agus Treoir a foilsíodh i mí na Samhna 2020 don athbhreithniú ar an ábhar. 

Reáchtáladh comhairliúchán poiblí ar an gCáipéis Eolais agus Treoir ón 26 Eanáir 2021 go dtí an 28 Márta 2021 agus foilsíodh tuarascáil ar an gcomhairliúchán i mí Bealtaine 2021.

Tionóladh an Mheitheal Forbartha le haghaidh Araibis na hArdteistiméireachta agus chuir siad forbairt sonraíochta nua chun cinn agus an treoir agus torthaí an chomhairliúcháin ar an gCáipéis Eolais mar bhonn eolais acu. D’fhorbair an mheitheal dréachtsonraíocht le haghaidh Araibis na hArdteistiméireachta, rud ar féidir í a léamh thíos: 

Reáchtáladh comhairliúchán poiblí ar dhréachtsonraíochtaí Araibis na hArdteistiméireachta ón 4 Samhain go dtí an 16 Nollaig 2021, agus foilsíodh tuarascáil ar an gcomhairliúchán i mí Feabhra 2022. Is féidir an tuarascáil a léamh thíos:

Chuir Comhairle CNCM stad le hobair Mheitheal Forbartha na Sraithe Sinsearaí i mí na Bealtaine 2022, le go bhféadfaí tuilleadh taighde a dhéanamh ar fhorbairt curaclaim agus measúnú, sna sála ar fhoilsiú Athbhreithniú na Sraithe Sinsearaí: Tuarascáil Chomhairleach (CNCM, 2022). Ar chur i gcrích an taighde sin, rinneadh Meitheal Forbartha na hAraibise a ationól i mí na Bealtaine 2023. 

Chuir na treoirphrionsabail, mar a chuirtear síos orthu sa Tuarascáil Chomhairleach, slat tomhais ar fáil don Mheitheal Forbartha le linn dóibh a bheith ag ullmhú sonraíocht churaclaim le haghaidh Araibis na hArdteistiméireachta. Rinne an Mheitheal Forbartha dul chun cinn ar fhorbairt dréachtsonraíochta curaclaim le haghaidh Araibis na hArdteistiméireachta, agus tá fáil uirthi anseo:

Reáchtáladh comhairliúchán poiblí ar dhréachtsonraíocht Araibis na hArdteistiméireachta ón 8 Nollaig 2023 go dtí an 23 Feabhra 2024. Is féidir an tuarascáil ar an gcomhairliúchán poiblí a léamh thíos: 

Chabhraigh an t‑aiseolas ón gcomhairliúchán sin le bonn eolais a chur faoi obair Mheitheal Forbartha Araibis na hArdteistiméireachta maidir le beachtú a dhéanamh ar an dréachtsonraíocht roimh an bhfaomhadh agus an foilsiú deiridh. Foilsíodh an tsonraíocht churaclaim deiridh le haghaidh Araibis na hArdteistiméireachta i mí Mheán Fómhair 2024. Is féidir teacht uirthi tríd an nasc thíos: