Araibis

Tá CNCM ag tabhairt faoi athbhreithniú agus athfhorbairt ar Araibis na hArdteistiméireachta faoi láthair.

Comhthéacs
Cuireann CNCM comhairle ar an Aire Oideachais faoi chúrsaí curaclaim agus measúnaithe don oideachas luath-óige, do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna. Mar chuid den athfhorbairt níos leithne ar an tSraith Shinsearach, táthar ag súil go gcuirfear an tsonraíocht nua d’Araibis na hArdteistiméireachta i bhfeidhm i scoileanna ó Mheán Fómhair 2025. Beidh ról lárnach ag Meitheal Forbartha Araibis na hArdteistiméireachta san obair seo. Cuimsíonn an mheitheal seo ainmnithe de chuid na gcomhpháirtithe oideachais, na Roinne Oideachais agus príomhghníomhaireachtaí oideachais eile. 

Is féidir tuilleadh eolais ar athfhorbairt Araibis na hArdteistiméireachta a fháil thíos.

 

Tá an dréachtsonraíocht le haghaidh Araibis na hArdteistiméireachta faofa le haghaidh comhairliúcháin phoiblí. 

Maireann an tréimhse chomhairliúcháin ó Dé hAoine an 8 Nollaig go dtí Dé hAoine an 23 Feabhra 2024.

Is éard atá i gceist leis an gcomhairliúchán ná

ná teagmháil dhomhain le réimse leathan páirtithe leasmhara ar fud na hÉireann. Tugaimid cuireadh duit a bheith páirteach agus do thuairim a chur in iúl ar an dréachtsonraíocht. Is féidir leat:

Cabhróidh an t-aiseolas ón gcomhairliúchán seo le heolas a chur ar fáil d’obair Ghrúpa Forbartha Araibis na hArdteistiméireachta chun an dréacht-sonraíocht a scagadh sula ndéanfar é a fhormheas agus a fhoilsiú.

Ba é an chéad chéim san athfhorbairt ar Araibis na hArdteistiméireachta ná an taighde a rinneadh agus an Cháipéis eolais agus Treoir a foilsíodh i mí na Samhna 2020 don athbhreithniú ar an ábhar. 

Reáchtáladh comhairliúchán poiblí ar an gCáipéis Eolais agus Treoir ón 26 Eanáir 2021 go dtí an 28 Márta 2021 agus foilsíodh tuarascáil ar an gcomhairliúchán i mí Bealtaine 2021.

Tionóladh an mheitheal forbartha le haghaidh Araibis na hArdteistiméireachta agus chuir siad forbairt sonraíochta nua chun cinn agus an treoir agus torthaí an chomhairliúcháin ar an gCáipéis Eolais mar bhonn eolais acu. D’fhorbair an mheitheal dréachtsonraíocht le haghaidh Araibis na hArdteistiméireachta, rud ar féidir í a léamh thíos: 

Reáchtáladh comhairliúchán poiblí ar dhréachtsonraíochtaí Araibis na hArdteistiméireachta ón 4 Samhain go dtí an 16 Nollaig 2021, agus foilsíodh tuarascáil ar an gcomhairliúchán i mí Feabhra 2022. Is féidir an tuarascáil a léamh thíos:

Chuir Comhairle CNCM stad le hobair Mheithle Forbartha na Sraithe Sinsearaí i mí na Bealtaine 2022, le go bhféadfaí tuilleadh taighde agus meastóireachta a dhéanamh, sna sála ar fhoilsiú Athbhreithniú na Sraithe Sinsearaí: Athbhreithniú ar an tSraith Shinsearach: Tuarascáil Chomhairleach (CNCM, 2022). Is ionann na treoirphrionsabail, a bhfuil cur síos orthu sa Tuarascáil Chomhairleach, agus slat tomhais don Mheitheal Forbartha agus iad ag ullmhú sonraíochtaí curaclaim d’Araibis na hArdteistiméireachta.

Ar chur i gcrích an taighde seo, rinneadh Meitheal Forbartha na hAraibise a ationól i mí na Bealtaine 2023. Tá an grúpa ag tabhairt faoi athfhorbairt Shonraíocht Churaclaim Araibis na hArdteistiméireachta.