Eolaíocht Talmhaíochta

Cuireann CNCM comhairle ar an Aire Oideachais faoi chúrsaí curaclaim agus measúnaithe don oideachas luathóige, do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna. Mar chuid den athfhorbairt níos leithne ar an tsraith shinsearach, táthar ag súil go gcuirfear an tsonraíocht nua le haghaidh Eolaíocht Talmhaíochta na hArdteistiméireachta i bhfeidhm i scoileanna ó Mheán Fómhair 2027. Beidh ról lárnach ag Meitheal Forbartha Eolaíocht Talmhaíochta na hArdteistiméireachta san obair seo. Cuimsíonn an mheitheal seo ainmnithe de chuid na gcomhpháirtithe oideachais agus príomhghníomhaireachtaí oideachais eile.

Is féidir eolas a fháil ar an obair forbartha ábhair thíos lena n-áirítear an cháipéis eolais agus treoir don athbhreithniú don ábhar seo, agus nóta ó gach ceann de chruinnithe na meithle forbartha.

Ba é forbairt Cháipéis Eolais agus treoir don athbhreithniú ar Eolaíocht Talmhaíochta na hArdteistiméireachta an chéad chéim ó thaobh athfhorbairt Eolaíocht Talmhaíochtana hArdteistiméireachta de. 

Beidh comhairliúchán poiblí ar an gCáipéis Eolais agus Treoir don athbhreithniú  ar siúl ón 6 Eanáir go dtí an 28 Feabhra 2025. Tugaimid cuireadh duit a bheith páirteach agus do thuairim a chur in iúl ar an gCáipéis Eolais agus Treoir don athbhreithniú tríd an nasc thíos:

 

Tháinig an mheitheal forbartha d'Eolaíocht Talmhaíochta na hArdteistiméireachta le chéile ar an 30 Meán Fómhair 2024 agus cuirfidh sé forbairt sonraíochta athfhorbartha mar gheall ar an treoir chomhaontaithe chun cinn.  

Is féidir teacht ar chuir síos bheaga ar na cruinnithe a tharla go dtí seo anseo thíos. 

I ndiaidh comhairliúchán tosaigh ar Pháipéar Cúlra i Samhain-Nollaig 2014 agus Tuarascáil Chomhairliúcháin i Márta 2015, forbraíodh dréachtsonraíocht d’Eolaíocht Talmhaíochta na hArdteistiméireachta.

Is é is aidhm le hEolaíocht Talmhaíochta na hArdteistiméireachta ná go mbeidh an foghlaimeoir in ann:

  • léirthuiscint a fháil ar an gcomhshaol nádúrtha agus ar an idirbheartaíocht idir an duine agus é agus le húsáid oiriúnach a bhaint as a chuid acmhainní, agus é ag aithint an ghá le cur chuige réasúnach agus cothrom maidir le mí-úsáid na n-acmhainní seo i gcomhthéacs áitiúil agus domhanda.
  • an gá le straitéisí ábhartha agus polasaithe don tionscadal agraibhia a aithint, agus an tábhacht dhomhanda a bhaineann leo agus deiseanna le haghaidh nuálaíochta agus fiontraíochta a aithint i gcomhthéacs margaí áitiúla, réigiúnacha agus domhanda.
  • a chuid eolais agus scileanna eolaíochta a fhorbairt, i gcomhthéacs cleachtais talmhaíochta, agus an tuiscint atá aige ar cheisteanna sláinte agus sábháilteachta a bhaineann leis na cleachtais seo a mhéadú.

Is féidir teacht ar an tuarascáil chomhairliúcháin agus ar an doiciméad eolais tríd na naisc seo a leanas:

Tá ionadaithe i nGrúpa Forbartha Eolaíocht Talmhaíochta ó réimse páirtithe leasmhara oideachais, lena n-áirítear comhlachtaí múinteoirí agus bainistíochta, an Roinn Oideachais agus Scileanna, agus Coimisiún na Scrúduithe Stáit.