- Comhairliúchán maidir leis an dréachtsonraíocht
- Forbairt Ábhair
- An siollabas Fisice
- Forbairt Ábhair Roimhe seo
Cuireadh dréachtsonraíocht Bhitheolaíocht, Cheimic agus Fhisic na hArdteistiméireachta ar fáil le haghaidh comhairliúcháin phoiblí náisiúnta ón 8 Nollaig 2023 go dtí an 23 Feabhra 2024. Ba é aidhm an chomhairliúcháin seo tuairimí oscailte agus macánta an phobail a lorg maidir leis an gcuraclam agus socruithe measúnaithe sa dréachtsonraíocht nua do Bhitheolaíocht, Ceimic agus Fisic na hArdteistiméireachta, agus chun léargais a fháil ar thuairimí ginearálta na rannpháirtithe ar na sonraíochtaí ar an iomlán.
- Tuarascáil ar an gcomhairliúchán maidir le dréachtsonraíochtaí d’Eolaíochtaí na hArdteistiméireachta
Tá an Dréachtsonraíocht d'Fhisic na hArdteistiméireachta ceadaithe do chomhairliúchán poiblí.
Cabhróidh an t-aiseolas ón gcomhairliúchán seo le bonn eolais a chur faoi obair Ghrúpa Forbartha Fisice na hArdteistiméireachta chun an dréachtsonraíocht a bheachtú sula gceadófar agus sula bhfoilseofar í go críochnaitheach.
Tá sonraíocht nua á forbairt le haghaidh Fhisic na hArdteistiméireachta faoi láthair.
Tá an tsonraíocht churaclaim le foilsiú in earrach 2022.
Tá an chéad chéim de chomhairliúchán poiblí CNCM maidir leis an dréacht-Cháipéis Eolais agus an treoir don athbhreithniú ar Fhisic, Ceimic agus Bitheolaíocht na hArdteistiméireachta dúnta. Tá an cháipéis eolais agus an tuarascáil maidir leis an gcomhairliúchán le fáil le híoslódáil thíos:
- Dréacht-cháipéis eolais agus treoir d’fhorbairt Fhisic, Cheimic agus Bhitheolaíocht na hArdteistiméireachta (Meán Fómhair 2019)
Tuarascáil maidir leis an gcomhairliúchán ar an dréacht-Cháipéis Eolais agus Treoir don athbhreithniú ar Fhisic, Ceimic agus Bitheolaíocht na hArdteistiméireachta (Eanáir 2020)
Reáchtáladh an cruinniú ionduchtúcháin don mheitheal forbartha nua le haghaidh Cheimic na hArdteistiméireachta ar an 13 Meán Fómhair 2019 i mBaile Átha Luain agus reáchtálfar sraith cruinnithe sna míonna ina dhiaidh sin.
Is féidir teacht ar chuir síos bheaga chomhaontaithe ar na cruinnithe a tharla go dtí seo anseo thíos:
- Cruinniú na Meithle Forbartha #11 - 260321
- Cruinniú na Meithle Forbartha #10 - 050321
- Cruinniú na Meithle Forbartha #9 - 110221
- Cruinniú na Meithle Forbartha #8 - 101220
- Cruinniú na Meithle Forbartha #7 - 111120
- Cruinniú na Meithle Forbartha #6 - 231020
- Cruinniú na Meithle Forbartha #5 - 270220
- Cruinniú na Meithle Forbartha #4 - 030120
- Cruinniú na Meithle Forbartha #3 - 091219
- Cruinniú na Meithle Forbartha #2 - 131119
- Cruinniú na Meithle Forbartha #1 - 071019
Tá sonraíocht nua Fisice na hArdteistiméireachta á forbairt. Tá an siollabas reatha ar fáil anseo. Déantar é a mheas ar Ghnáthleibhéal agus ar Ardleibhéal.
Cuireadh tús le forbairt sonraíocht nua na Fisice don Ardteistiméireacht i mí na Samhna 2006. Foilsíodh an dréachtsonraíocht le haghaidh comhairliúcháin in 2009. Tá an tuarascáil chomhairliúcháin ar fáil anseo
Áirítear i sonraíocht nua na Fisice moladh le haghaidh measúnú praiticiúil. Rinne Coimisiún na Scrúduithe Stáit triail ar an measúnú praiticiúil agus críochnaíodh é in 2018. Rinneadh athbhreithniú ar an dréachtsonraíocht i bhfianaise na trialach agus na gcomhairliúchán ach níor cuireadh i bhfeidhm é.
Tá ionadaithe i nGrúpa Forbartha na Fisice ó réimse páirtithe leasmhara oideachais, lena n-áirítear comhlachtaí múinteoirí agus bainistíochta, an Roinn Oideachais agus Scileanna, agus Coimisiún na Scrúduithe Stáit.