Gaeilge

Léargas ar fhorbairtí a bhaineann le Gaeilge na hArdteistiméireachta

D’fhaomh Comhairle CNCM dréachtsonraíochtaí do Ghaeilge na hArdteistiméireachta le haghaidh T1 agus T2 i mí na Samhna 2020 i gcomhair comhairliúcháin phoiblí. Seoladh an próiseas comhairliúcháin i mí Feabhra 2021. Chuir an Chomhairle síneadh ama leis an gcomhairliúchán go dtí deireadh mhí na Samhna 2021 mar gheall ar iarratais ó pháirtithe leasmhara agus iad fós ag dul i ngleic le tionchar Covid-19 ar scoileanna. 

Ba é cuspóir an chomhairliúcháin ná aiseolas a bhailiú ó mhúinteoirí, tuismitheoirí, scoláirí, eagraíochtaí Gaeilge agus ó pháirtithe leasmhara eile ar an dréachtsonraíochtaí. 

 

Tuarascáil chomhairliúcháin:

Sa tuarascáil chomhairliúcháin ar dhréachtsonraíochtaí do Ghaeilge na hArdteistiméireachta T1 agus T2 déantar taifeadadh agus tugtar freagra do thuairimí na bpáirtithe leasmhara a bailíodh le linn an chomhairliúcháin fhairsing. Measann sé go mion an t-aiseolas a fuarthas ar na dréachtsonraíochtaí. Sa tuarascáil, freisin, tá aiseolas inti ar na himpleachtaí a d'fhéadfadh a bheith ann maidir le sonraíochtaí nua a chur i bhfeidhm agus déantar achoimre ar chúinsí sistéamacha a tháinig chun cinn amhail múnla an tsoláthair churaclaim don Ghaeilge. 

Is féidir an tuarascáil a léamh trí chliceáil anseo.

 

Tugann nóta eolais léargas ginearálta ar an Tuarascáil Chomhairliúcháin agus ar na chéad chéimeanna eile do Ghaeilge na hArdteistiméireachta. Is féidir an nóta eolais a léamh trí chliceáil anseo.

 

Mar chuid den chomhairliúchán ar dhréachtsonraíochtaí do Ghaeilge na hArdteistiméireachta T1 agus T2 chuir Ollscoil na Gaillimhe anailís ar shonraí a fuarthas ó aighneachtaí scríofa agus ó shuirbhéanna ar líne i gcrích, agus ioncuireadh san áireamh é i dtuarascáil chomhairliúcháin an CNCM. Tá an tuarascáil faoin anailís a rinne Ollscoil na Gaillimhe ar fáil anseo.

Tá an tsonraíocht T1 dírithe ar chainteoirí dúchais agus ar fhoghlaimeoirí i scoileanna Gaeltachta agus ar scoláirí san earnáil a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge (Gaelcholáistí, Aonaid agus Sruthanna Lán-Ghaeilge). Beidh scoileanna lán-Bhéarla in ann an tsonraíocht T1 a chur ar fáil chomh maith.

Chun dréachtsonraíocht T1 a léamh, cliceáil anseo.

 

Tá an tsonraíocht T2 dírithe ar scoláirí a bhfuil an Ghaeilge á saothrú acu mar dhara teanga go príomha agus atá i scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla.

Chun dréachtsonraíocht T2 a léamh, cliceáil anseo.