Is comhpháirt churaclaim é an gearrchúrsa sa tsraith shóisearach nua. Is féidir le múinteoirí gearrchúrsaí a fhorbairt chun oiriúint do shainriachtanais agus do shainsuimeanna a gcuid scoláirí sa tsraith shóisearach.
-
Réamhrá
Is comhpháirt churaclaim é an gearrchúrsa sa tsraith shóisearach. Is féidir le múinteoirí gearrchúrsaí a fhorbairt chun oiriúint do shainriachtanais agus do shainsuimeanna a gcuid scoláirí sa tsraith shóisearach. Is féidir gearrchúrsaí a ailíniú le Táscairí do Leibhéal 3 ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí (CNC) é sin nó leo siúd le haghaidh Leibhéal 2. Is féidir le háisíneachtaí nó grúpaí eile gearrchúrsaí a fhorbairt freisin.
Tá gearrchúrsaí arna ndearadh le haghaidh tuairim is 100 uair de rannpháirtíocht scoláirí agus ba chóir go gcuirfí béim iontu ar fhoghlaim ghníomhach scoláirí. -
Gearrchúrsaí Forbartha ag Scoileanna
Tabharfaidh an CNCM treoir agus comhairle ar fhorbairt ghearrchúrsa amháin in aghaidh na scoile ag trí phríomhchéim san fhorbairt:Tar éis an doiciméad scóipe a chríochnúTar éis dréacht a haon den ghearrchúrsa a scríobh, inar glacadh san áireamh an t-aiseolas ón CNCM ar an doiciméad scóipeTar éis dréacht a dó a scríobh, arís ag glacadh san áireamh aiseolas ón CNCMAgus iad ag forbairt gearrchúrsaí féadfaidh scoileanna iad a cheapadh go hiomlán ó bhonn, é sin nó feadfaidh siad socrú ar obair a dhéanamh le gníomhaireachtaí seachtracha ar nós eagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRnna) nó comhlachtaí reachtúla chun iad a fhorbairt.Céimeanna le glacadh ag scoileanna agus iad ag forbairt gearrchúrsaí don tsraith shóisearachAgus do scoil ag ullmhú chun gearrchúrsa a fhorbairt moltar duit na céimeanna seo a leanas a ghlacadh:Céim 1: Léitheoireacht agus taighdeBí cinnte go bhfuil tú eolach ar Creat don tSraith ShóisearachTabhair spléachadh ar Gearrchúrsaí a forbraíodh ag an CNCM go bhfeicfidh tú conas a úsáideadh na treoirlínte agus an teimpléad chun na gearrchúrsaí seo a fhorbairt.Léigh an doiciméad aon leathanaigh dár teideal Ag Smaoineamh ar GhearrchúrsaíCéim 2: Smaoinigh ar an ngearrchúrsa atá á mholadh i gcomhthéacs do scoile agus riachtanais agus suimeanna do scoláiríTéigh i gcomhairle le baill foirne, scoláirí, tuismitheoirí, ranna ábhair bainteacha agus daoine eile faoin ngearrchúrsa atá tú a mholadhCéim 3: Breathnaigh ar na hábhair tacaíochta atá ag an CNCM chun gearrchúrsa a fhorbairtLéigh Treoirlínte an CNCM le haghaidh gearrchúrsaí a fhorbairt do Leibhéal 2 agus/nó Leibhéal 3 agus Teimpléad Leibhéal 2 agus/nó Teimpléad Leibhéal 3Breathnaigh ar ghearrchúrsaí an CNCM mar eiseamláiríCéim 4: Bain úsáid as an doiciméad scóipeAnois tá tú réidh chun an doiciméad scóipe a fhorbairt le haghaidh Leibhéal 2 agus/nó Leibhéal 3 mar a dtugann tú le cheile na smaointe móra ar fad don chúrsa seo i gcomhar le daoine bainteacha eile i do scoilphobal.Seolann an príomhoide an gearrchúrsa nua chuig an CNCM trí r-phost chuig: gearrchúrsa@cncm.ie le haghaidh a athbhreithnithe agus comhairle SULA dtéann tú níos faide sa phróiseas. Níor chóir gur faide ná seacht leathanach an fhoirm aighneachta ag tús an doiciméad scóipe agus an doiciméad comhlánaithe é féin.Céim 5: Déan forbairt, athmhachnamh agus beachtúÚsáideann an scoil comhairle an CNCM chun an chead dréacht den ghearrchúrsa a fhorbairt agus seolann príomhoide é sin isteach chuig an seoladh r-phoist céannaDéanfaidh an CNCM athbhreithniú ar an dréacht agus arís úsáidfidh an scoil an chomhairle sin chun dréacht deiridh a fhorbairtScríobhann an scoil an dréacht deiridh agus cuirtear isteach í chuig an CNCM don athbhreithniú deiridhComhairle thábhachtach:Is smaoineamh maith é scéim phíolótacha dhéanamh leis an ngearrchúrsa – nó codanna de – le grúpa beag scoláirí agus a rath a mheas sula gcuirtear é faoi bhráid ghrúpa níos móTuairiscíonn scoileanna a d’fhorbair a ngearrchúrsaí féin gur próiseas tairbheach é ach go nglacann sé a lán ama. De réir ár dtaithí le scoileanna thiocfadh leis glacadh suas le 12 mhí chun ceann a fhorbairtIs fearr gearrchúrsa a fhorbairt i gcomhar le daoine eile. Tugann sé sin seans chun plé a dhéanamh agus na tascanna pleanála a chomhroinnt. Forbraíonn sé freisin cumas na múinteoirí atá bainteach leis chun a gearrchúrsa a theagasc nuair a bhíonn sé réidhMoltar do scoileanna an tacaíocht a fháil chun gearrchúrsa a fhorbairt a chuireann Seirbhís Tacaíochta na Sraithe Sóisearaí do Mhúinteoirí (SSM) ar fáil.Formhuiniú GearrchúrsaíNí hé ár bpolasaí é formhuiniú a dhéanamh ar ábhair oideachasúla nó ar ‘phacáistí’ a bhaineann le gearrchúrsaí, mar sin de iarraimid ort gan lógó an CNCM a úsáid ar ábhair fhoilsithe a bhaineann leis an ngearrchúrsa seo. B’fhéidir gur mhian leat an tacaíocht a thug an CNCM chun an gearrchúrsa a fhorbairt a aithint. Más ea, mholfaimis an fhoclaíocht seo a leanas a úsáid:Forbraíodh an gearrchúrsa seo de réir theimpléad agus threoirlínte an CNCM.
- Acmhainní agus teimpléid