Treoirlínte nuashonraithe maidir le Folláine sa tSraith Shóisearach
Nuashonraíodh na Treoirlínte maidir le Folláine sa tSraith Shóisearach chun tacú le scoileanna agus iad ag leanúint de chláir Folláine a phleanáil agus a fhorbairt don tsraith shóisearach.
Cuirtear na nithe seo a leanas ar fáil sna treoirlínte nuashonraithe:
- beartas agus treoir chothrom le dáta maidir le pleanáil a dhéanamh le haghaidh folláine sa tsraith shóisearach i gcomhthéacs na pleanála scoile níos leithne
- freagraí ar cheisteanna coitianta maidir le gnéithe éagsúla den pleanáil le haghaidh na Folláine
- samplaí nuashonraithe ar chláir Folláine 400 uair an chloig
- samplaí oibrithe amach d’aonaid foghlama
- soiléiriú ar an gcaoi a ndéanfar measúnú agus tuairisciú ar an bhfoghlaim san Fholláine
- teimpléid agus uirlisí chun clár Folláine don tsraith shóisearach a phleanáil agus mheas
- Treoirlínte maidir le Folláine sa tSraith Shóisearach
- Folláine sa tsraith shóisearach-Aguisín I (Seo PDF in-fhairsingithe is féidir a íoslódáil, a chur in eagar agus a shábháil)
- Póstaer maidir le Táscairí Folláine
- Póstaer maidir leis na Ceithre Ghné den Fholláine
-
Ceachtanna faoi fhilleadh ar an scoil chun tacú le folláine na scoláirí
Ceachtanna faoi fhilleadh ar an scoil chun tacú le folláine na scoláirí
Agus scoláirí ag filleadh ar an scoil, níl aon dabht ach go raibh tionchar ag an tréimhse fhada a chaith siad sa bhaile ar a bhfoghlaim, ar a bhfolláine agus ar an gceangal foriomlán atá acu leis an scoil. Ceapadh na ceachtanna seo go sonrach le húsáid laistigh den rang OSPS le linn an céad chúpla seachtain den téarma.
Is é is aidhm leis na ceachtanna seo
- cuidiú leis na scoláirí nascadh leis an scoil agus lena chéile arís
- na scoláirí a chumasú le machnamh a dhéanamh ar an tionchar a bhí ag COVID-19 ar a bhfolláine agus ar a bhfoghlaim féin
- na scileanna, dearcthaí agus meonta riachtanacha a fhorbairt chun dul i ngleic leis an bhfoghlaim go rathúil arís.
- Pleanáil le haghaidh Cláir Folláine sa tSraith Shóisearach 2020-2021
- Gearrchúrsaí don Fholláine
- Pleanáil don fholláine: Scéalta ó scoileanna
-
Teagasc, foghlaim agus measúnú agus Folláine.
An tionchar a bhíonn ag teagasc, foghlaim agus measúnú ar fholláine an scoláire.
- Taighde agus Folláine
- Naisc úsáideacha
- Curaclam Idirbheartach agus an Fholláine – próiseas 10 gcéim