-
Athbhreithniú leantach ar chur i bhfeidhm luath Shonraíochtaí Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí T1 agus T2
Ag eascairt as aiseolas an Athbhreithniú Luath ar chur i bhfeidhm na Sonraíochtaí Gaeilge T1 agus T2 don tSraith Shóisearach, tá tús áite tugtha ag an gComhairle d'athbhreithniú leantach a bhaileoidh aiseolas níos mionsonraithe ar eispéiris na scoileanna ar a bheith ag obair leis na sonraíochtaí T1 agus T2. Díreoidh an taighde ar chohórt scoláirí a thosaigh ar an tSraith Shóisearach i Meán Fómhair 2023.
-
Sonraíochtaí Ghaeilge T1 agus T2 (leaganacha leasuithe 2023)
Tá sonraíochtaí Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí T1 agus T2 ar fáil anseo:
Sonraíochtaí Ghaeilge T1 agus T2 (leaganacha leasaithe 2023)
Foilsíodh leaganacha leasaithe de na Sonraíochtaí Ghaeilge T1 agus T2 i 2023. Rinneadh leasuithe ar shonraíochtaí T1 agus T2 mar fhreagairt ar aiseolas an athbhreithnithe luath ar chur i bhfeidhm na sonraíochtaí. Baineann na sonraíochtaí leasaithe leis an gcohórt scoláirí a thosaigh sa chéad bhliain in 2022 agus le gach cohórt scoláirí ina dhiaidh sin.
Achoimre ar na príomhleasuithe:
Príomhleasuithe ar an litríocht
Tá laghdú ar an íosmhéid litríochta atá le plé thar na trí bliana den tsraith shóisearach. Tá gach eolas ar an íosmhéid litríochta atá le plé ag scoláirí ar fáil ar leathanach 18 den tsonraíocht T1 agus ar leathanach 17 den tsonraíocht T2.
MRB1: Punann Teanga
Beidh MRB 1 ar siúl anois sa dara bliain rud atá ar aon dul le gach ábhar eile sa tsraith shóisearach.
MRB2: Ag Idirghníomhú trí Ghaeilge
Thug CNCM faoi athbhreithniú ar MRB2 don T1 agus T2 agus rinneadh athshamhlú air le hionchur ó mhúinteoirí. Baineann an t-athrú seo le scoláirí reatha na chéad bhliana, a chuir tús leis an tsraith shóisearach i Meán Fómhair 2022, agus le gach cohórt scoláirí ina dhiaidh sin.
Féachann na leasuithe seo le freagairt d'aiseolas ó mhúinteoirí agus ó scoláirí san athbhreithniú ar an ngá atá le níos mó béime a chur ar chomhrá trí Ghaeilge, agus níos lú béime a chur ar tháirgeadh labhartha agus díriú níos mó ar idirghníomhaíocht cainte.
Rinneadh leasuithe freisin ar na Treoirlínte Measúnaithe do T1 agus T2.
-
Liostaí litríochta do Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí ó Mheán Fómhair 2025 ar aghaidh
Liostaí litríochta don dara agus don tríú bliain:
Tá liosta nua d'ábhar dualgais don Ghaeilge sa tSraith Shóisearach Sonraíocht Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí (T1 agus T2) eisithe ag an Roinn Oideachais. Tagann Ciorclán 0086/2024 in áit na dtéacsanna atá leagtha síos i gCiorclán 0015/2023.
Tá fáil ar Chiorclán 0086/2024 trí chliceáil anseo.
Liostaí de théacsanna molta don chéad bhliain T1 agus T2:
Tá fáil anseo ar Liostaí litríochta leasuithe don chéad bhliain (T1 agus T2) le cur i bhfeidhm ó Mheán Fómhair 2025 ar aghaidh.
-
Tuarascáil ar athbhreithniú luath ar chur i bhfeidhm na Sonraíochtaí Gaeilge T1 agus T2 don tSraith Shóisearach
Cuireadh sonraíochtaí nua do Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí T1 agus T2 i bhfeidhm i scoileanna i Meán Fómhair 2017 mar chuid de Chéim 3 de thabhairt isteach na sonraíochtaí nua ábhair sa tSraith Shóisearach. Thug SEALBHÚ (DCU) faoin athbhreithniú luath idir Feabhra agus Meitheamh 2022 ar son na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM). Bhí sé mar chuspóir ag an athbhreithniú luath aiseolas a bhailiú ar na príomhnithe seo a leanas:
- Cé chomh maith agus a théann na sonraíochtaí go croí na foghlama a bhfuiltear ag súil léi laistigh den tSraith Shóisearach Ghaeilge, L1 agus L2 agus níos leithne laistigh den Chreat don tSraith Shóisearach?
- Na heilimintí de na measúnaithe rang-bhunaithe laistigh de na sonraíochtaí, mar a bhíonn taithí ag scoláirí agus múinteoirí orthu
- Na bealaí éagsúla ina bhfuil múinteoirí ag baint úsáide as a mbreithiúnais ghairmiúil chun na sonraíochtaí nua a chur i bhfeidhm ina scoileanna agus ina ranganna
- Taithí na scoláirí agus na múinteoirí ar sholáthar difreáilte ag leibhéal na Sraithe Sóisearaí
- Peirspictíochtaí ar an aistriú ó Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí go Gaeilge na Sraithe Sinsearaí don chohórt seo agus do chohóirt amach anseo
- Ábhair eile a tháinig chun cinn sa taighde
Féach an nóta seo ina leagtar amach na príomhleasuithe.
-
Forbairt na sonraíochtaí
Páipéar Cúlra
Is féidir teacht ar an bPáipéar Cúlra agus an Doiciméad Treorach don Ghaeilge anseo a d'fhaomh Comhairle CNCM do chomhairliúchán poiblí i mí Dheireadh Fómhair 2013.
Páipéar Cúlra don Ghaeilge
Cuirtear bonn fianaise faoi fhorbairt an tsonrúcháin ábhair sa Doiciméad Eolais. Tugtar cuntas gairid ar an nGaeilge mar ábhar scoile agus ar na forbairtí a d’imir tionchar ar mhúnlú an ábhair le himeacht na mblianta. I measc na n-ábhar a ndéantar plé orthu tá:- freagairtí ar an siollabas reatha
- cuspóirí le múineadh agus foghlaim na Gaeilge
- forbairtí i dtíortha eile a bheadh inchomparáide ar shlíte le cás na Gaeilge.
Ina dhiaidh sin, leagtar amach an treo beartaithe d’fhorbairt an tsonrúcháin sa Doiciméad Treorach
Dréachtsonraíocht
I mí Feabhra 2015 d'fhaomh Comahirle CNCM an dréachtsonraíocht don Ghaeilge i gcomhair comhairliúcháin.
Reáchtáladh comhairliúchán poiblí ó Mhárta 2015 go dtí Bealtaine 2015. De bharr aiseolais a fuarthas cinneadh cur leis an gcomhairliúchán go Fómhair 2015 chun deis a thabhairt iniúchadh agus machnamh níos doimhne a dhéanamh ar threo an tsoláthair féin.
Is féidir teacht ar an dréachtsonraíocht ó 2015 anseo.Dréachtsonraíocht don Ghaeilge
Meitheal Forbartha
Tá ról lárnach ag an Meitheal Forbartha don Ghaeilge i múnlú chomhairle an CNCM don Aire Oideachais agus Scileanna maidir leis an sonrúchán curaclaim do Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí. Chuige seo, cloítear leis na sainchúraim agus an t-amlíne mar a leagtar síos iad ag leibhéal Comhairle trí:
- thuairimí a thabhairt i dtaobh réimse dréachtdoiciméad, agus iad a fheabhsú
- chinntiú go gcoinnítear na heagraíochtaí ainmniúcháin ar an eolas faoi shaincheisteanna agus faoi fhorbairtí
- chinntiú go ndéantar ionadaíocht ar dhearcthaí/bheartais na n-eagraíochtaí ainmniúcháin agus an t-ábhar á phlé
- thacaíocht a thabhairt do na próisis chomhairliúcháin ag príomhchéimeanna den phróiseas forbartha
Próiseas Comhairliúcháin (2015):
D’fhaomh an Chomhairle an dréachtshonraíocht don Ghaeilge i gcomhair comhairliúcháin i mí Feabhra 2015. Seoladh an próiseas comhairliúcháin i mí an Mhárta agus lean an próiseas ar aghaidh go dtí mí na Bealtaine 2015. Lorgaíodh aiseolas ó pháirtithe leasmhara an oideachais agus na Gaeilge mar aon leis an bpobal i gcoitinne ar bhealaí éagsúla tríd an bpróiseas, mar a bhí:
- ceistneoir ar líne
- ócáid chomhairliúcháin
- grúpaí fócais le scoláirí dara leibhéal
- grúpaí fócais le mic léinn (tríú leibhéal) OTM (Oideachas Tosaigh Múinteoirí)
- aighneachtaí scríofa.
Seoladh an próiseas comhairliúcháin an 12 Márta 2015 le hócáid chomhairliúcháin i gCaisleán Bhaile Átha Cliath agus lean go dtí Bealtaine 2015.
Cuireadh Tuarascáil ar an gcomhairliúchán le chéile atá ar fáil thíos.Aiseolas ón gcomhairliúchán (2015):
Bhunaigh an comhairliúchán seo go bhfuil an-tábhacht ag baint le tacú le múinteoirí agus iad ag plé le dúshláin agus le hathruithe oideolaíochta a d’fhéadfadh a bheith os a gcomhair nuair atá an sonrúchán á chur i bhfeidhm má táthar chun aidhmeanna agus fís an tsonrúcháin a bhaint amach.
Leagadh béim láidir freisin ar an tábhacht a bhaineann le leanúnachas d’fhoghlaimeoirí Gaeilge ón mbunscoil go dtí an iar-bhunscoil.
Díríodh aird ar an ngá le féidearthachtaí le haghaidh idirdhealú níos mó i bhfoghlaim, i dteagasc agus i measúnú d’fhoghlaimeoirí Gaeilge i gcomhthéacsanna T1 agus T2 araon a fhiosrú tuilleadh.
De bharr an aiseolais a fuarthas, cinneadh cur leis an gcomhairliúchán chun plé agus iniúchadh a dhéanamh ar na gnéithe thuasluaite.Tá tuarascáil ar an bpróiseas comhairliúcháin don Ghaeilge sa tSraith Shóisearach (2015), ar fáil anseo.