Gaeilge

Léargas Ginearálta ar Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí

Tá sonraíocht Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí ar fáil anseo:

Scoileanna a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge (T1)
Sonraíocht Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí: Scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla (T2)

Tá CNCM ag tabhairt faoi athbhreithniú ar na liostaí litríochta do Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí T1 agus T2. Chun téacs/saothair litríochta a mholadh le cur ar na liostaí, cliceáil ar an nasc cuí thíos.

Moltaí do liostaí litríochta do Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí T1

Moltaí do liostaí litríochta do Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí T2

Cuireadh sonraíochtaí nua do Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí T1 agus T2 i bhfeidhm i scoileanna i Meán Fómhair 2017 mar chuid de Chéim 3 de thabhairt isteach na sonraíochtaí nua ábhair sa tSraith Shóisearach. Thug SEALBHÚ (DCU) faoin athbhreithniú luath idir Feabhra agus Meitheamh 2022 ar son na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM). Bhí sé mar chuspóir ag an athbhreithniú luath aiseolas a bhailiú ar na príomhnithe seo a leanas:

  • Cé chomh maith agus a théann na sonraíochtaí go croí na foghlama a bhfuiltear ag súil léi laistigh den tSraith Shóisearach Ghaeilge, L1 agus L2 agus níos leithne laistigh den Chreat don tSraith Shóisearach?
  • Na heilimintí de na measúnaithe rang-bhunaithe laistigh de na sonraíochtaí, mar a bhíonn taithí ag scoláirí agus múinteoirí orthu
  • Na bealaí éagsúla ina bhfuil múinteoirí ag baint úsáide as a mbreithiúnais ghairmiúil chun na sonraíochtaí nua a chur i bhfeidhm ina scoileanna agus ina ranganna
  • Taithí na scoláirí agus na múinteoirí ar sholáthar difreáilte ag leibhéal na Sraithe Sóisearaí
  • Peirspictíochtaí ar an aistriú ó Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí go Gaeilge na Sraithe Sinsearaí don chohórt seo agus do chohóirt amach anseo
  • Ábhair eile a tháinig chun cinn sa taighde

 

Tuarascáil ar an Athbhreithniú luath ar chur i bhfeidhm na Sonraíochtaí Gaeilge T1 agus T2 don tSraith Shóisearach

Féach an nóta seo ina leagtar amach na príomhleasuithe.

 

 

Páipéar Cúlra

Is féidir teacht ar an bPáipéar Cúlra agus an Doiciméad Treorach don Ghaeilge anseo a d'fhaomh Comhairle CNCM do chomhairliúchán poiblí i mí Dheireadh Fómhair 2013.

Páipéar Cúlra don Ghaeilge

Cuirtear bonn fianaise faoi fhorbairt an tsonrúcháin ábhair sa Doiciméad Eolais. Tugtar cuntas gairid ar an nGaeilge mar ábhar scoile agus ar na forbairtí a d’imir tionchar ar mhúnlú an ábhair le himeacht na mblianta. I measc na n-ábhar a ndéantar plé orthu tá:

  • freagairtí ar an siollabas reatha
  • cuspóirí le múineadh agus foghlaim na Gaeilge
  • forbairtí i dtíortha eile a bheadh inchomparáide ar shlíte le cás na Gaeilge.

Ina dhiaidh sin, leagtar amach an treo beartaithe d’fhorbairt an tsonrúcháin sa Doiciméad Treorach

 

Dréachtsonraíocht

I mí Feabhra 2015 d'fhaomh Comahirle CNCM an dréachtsonraíocht don Ghaeilge i gcomhair comhairliúcháin.
Reáchtáladh comhairliúchán poiblí ó Mhárta 2015 go dtí Bealtaine 2015. De bharr aiseolais a fuarthas cinneadh cur leis an gcomhairliúchán go Fómhair 2015 chun deis a thabhairt iniúchadh agus machnamh níos doimhne a dhéanamh ar threo an tsoláthair féin.
 
Is féidir teacht ar an dréachtsonraíocht ó 2015 anseo.

Dréachtsonraíocht don Ghaeilge

 

Meitheal Forbartha

Tá ról lárnach ag an Meitheal Forbartha don Ghaeilge i múnlú chomhairle an CNCM don Aire Oideachais agus Scileanna maidir leis an sonrúchán curaclaim do Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí. Chuige seo, cloítear leis na sainchúraim agus an t-amlíne mar a leagtar síos iad ag leibhéal Comhairle trí:

  • thuairimí a thabhairt i dtaobh réimse dréachtdoiciméad, agus iad a fheabhsú
  • chinntiú go gcoinnítear na heagraíochtaí ainmniúcháin ar an eolas faoi shaincheisteanna agus faoi fhorbairtí
  • chinntiú go ndéantar ionadaíocht ar dhearcthaí/bheartais na n-eagraíochtaí ainmniúcháin agus an t-ábhar á phlé
  • thacaíocht a thabhairt do na próisis chomhairliúcháin ag príomhchéimeanna den phróiseas forbartha

 

Próiseas Comhairliúcháin (2015):

D’fhaomh an Chomhairle an dréachtshonraíocht don Ghaeilge i gcomhair comhairliúcháin i mí Feabhra 2015. Seoladh an próiseas comhairliúcháin i mí an Mhárta agus lean an próiseas ar aghaidh go dtí mí na Bealtaine 2015. Lorgaíodh aiseolas ó pháirtithe leasmhara an oideachais agus na Gaeilge mar aon leis an bpobal i gcoitinne ar bhealaí éagsúla tríd an bpróiseas, mar a bhí:

  • ceistneoir ar líne
  • ócáid chomhairliúcháin
  • grúpaí fócais le scoláirí dara leibhéal
  • grúpaí fócais le mic léinn (tríú leibhéal) OTM (Oideachas Tosaigh Múinteoirí)
  • aighneachtaí scríofa.

Seoladh an próiseas comhairliúcháin an 12 Márta 2015 le hócáid chomhairliúcháin i gCaisleán Bhaile Átha Cliath agus lean go dtí Bealtaine 2015.
Cuireadh Tuarascáil ar an gcomhairliúchán le chéile atá ar fáil thíos.

Aiseolas ón gcomhairliúchán (2015):


Bhunaigh an comhairliúchán seo go bhfuil an-tábhacht ag baint le tacú le múinteoirí agus iad ag plé le dúshláin agus le hathruithe oideolaíochta a d’fhéadfadh a bheith os a gcomhair nuair atá an sonrúchán á chur i bhfeidhm má táthar chun aidhmeanna agus fís an tsonrúcháin a bhaint amach.
 
Leagadh béim láidir freisin  ar an tábhacht a bhaineann le leanúnachas d’fhoghlaimeoirí Gaeilge ón mbunscoil go dtí an iar-bhunscoil.
 
Díríodh aird ar an ngá le féidearthachtaí le haghaidh idirdhealú níos mó i bhfoghlaim, i dteagasc agus i measúnú d’fhoghlaimeoirí Gaeilge i gcomhthéacsanna T1 agus T2 araon a fhiosrú tuilleadh. 
 
De bharr an aiseolais a fuarthas, cinneadh cur leis an gcomhairliúchán chun plé agus iniúchadh a dhéanamh ar na gnéithe thuasluaite.

Tá tuarascáil ar an bpróiseas comhairliúcháin don Ghaeilge sa tSraith Shóisearach (2015), ar fáil anseo.

Comhairliúcháin don Ghaeilge