I gcomhréir leis an gCreat don tSraith Shóisearach (2015), tugadh isteach sonraíochtaí ábhair nua do Tíreolaíocht, Stair, Eacnamaíocht Bhaile, Matamaitic agus Ceol na Sraithe Sóisearaí i scoileanna i mí Mheán Fómhair 2018 mar chuid de Chéim 4 de thabhairt isteach sonraíochtaí nua ábhair. Thug an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) faoi athbhreithniú ar an léargas luath idir Shamhain 2023 go Feabhra 2024 chun aiseolas a bhailiú agus chun na nithe seo a leanas a mheas agus a fhiosrú:
- an chaoi a bhfuil ag éirí leis na sonraíochtaí an fhoghlaim lena bhfuiltear ag súil sna hábhair sin agus sa Chreat don tSraith Shóisearach go ginearálta a chur chun cinn
- gnéithe measúnaithe de na hábhair agus tuairimí na scoláirí agus na múinteoirí orthu
- conas a úsáideann múinteoirí a mbreithiúnas gairmiúil d’fhonn an tsonraíocht nua a stiúradh sna scoileanna agus sna seomraí ranga.
Is é cuspóir mhatamaitic na Sraithe Sóisearaí go bhforbróidh gach scoláire oilteacht sa mhatamaitic. Tá níos mó ná gnáth-líofacht i gceist le hoilteacht sa Mhatamaitic agus déantar cur síos ar leith air sa siollabas mar
- tuiscint choincheapúil – léirthuiscint ar choincheapa, oibríochtaí agus gaolta matamaiticiúla
- gnáth-líofacht –scil chun gnásanna a dhéanamh go solúbthacht, go beacht, agus go cuí
- inniúlacht straitéiseach–an cumas fadhbanna matamaiticiúla a cheapadh, a léiriú, agus a réiteach i gcomhthéacsanna a bhfuil taithí ag an scoláire orthu agus i gcomhthéacsanna nach bhfuil taithí aige orthu
- réasúnaíocht oiriúnaitheach–an cumas chun smaoineamh go loighciúil, machnamh, míniú, údar a thabhairt agus cumarsáid
- dearcadh dearfach –féachaint ar an matamaitic mar rud ciallmhar, úsáideach agus fiúntach, mar aon le creideamh i ndúthracht, buanseasmhacht agus éifeachtúlacht an duine féin.
Athbhreithniú ar Mhatamaitic na Sraithe Sóisearaí
Tá ionadaithe i nGrúpa Forbartha na Matamaitice ó réimse páirtithe leasmhara oideachais, lena n-áirítear comhlachtaí múinteoirí agus bainistíochta, an Roinn Oideachais agus Scileanna, agus Coimisiún na Scrúduithe Stáit.
Tá ábhair a réitíodh le tacú le forbairt na hoilteacht sa mhatamaitic ar fáil anseo
- Reviewing statistics (students)
- Strand 1 review (students)
- Strand 2 review questions (students)
- Learning outcomes on the CIC
- Common Introductory course partitioning (teachers)
- Common Introductory course subitising (teachers)
- Common Introductory course place value (teachers)
- Common Introductory course multiplicative thinking(teachers)
- Common Introductory course partitioning (teachers)
- Common Introductory course proportional reasoning (teachers)
- Common Introductory course generalising (teachers)