Matamaitic

Díríonn Matamaitic na Sraithe Sóisearaí ar thaithí an scoláire ar an matamaitic sa seomra ranga a fheabhsú agus ar scileanna don saol, don obair agus do staidéar breise a fhorbairt trí na cúig shnáithe idirnasctha: Staitisticí agus dóchúlacht, Céimseata agus triantánacht, Uimhreas, Ailgéabar agus Feidhmeanna.

Tá an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) ag tabhairt faoi athbhreithnithe ar chur i bhfeidhm luath sonraíochtaí Sraithe Sóisearaí ábhair na Staire, na hEacnamaíochta Baile, na Tíreolaíochta, na Mhatamaitic agus an Cheoil (Céim 4). Tá roinnt gnéithe ag baint leis an gcomhairliúchán, lena n-áirítear aighneachtaí i scríbhinn, suirbhé do mhúinteoirí agus gné amháin atá bunaithe ar scoil. Teastaíonn ó CNCM tuairimí a fháil ó réimse páirtithe, lena n-áirítear páirtithe leasmhara oideachais, múinteoirí atá ag cleachtadh a ngairme agus scoláirí ar spéis leo cur leis an athbhreithniú ar chur i bhfeidhm luath seo.

Is é cuspóir an athbhreithnithe seo ná aiseolas a bhailiú ó bhainistíocht scoile, ó mhúinteoirí/oideoirí, agus ó pháirtithe leasmhara maidir le taithí ar na hábhair seo agus na socrúcháin mheasúnaithe a bhaineann leo i scoileanna.

Is féidir leat páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán seo tríd an suirbhé ar líne a chomhlánú.

Suirbhé ar Líne

Is féidir leat páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán seo trí aighneacht i scríbhinn a chur isteach ag baint úsáid as an teimpléad seo.

Teimpléad Aighneachtaí Scríofa

Seol an aighneacht i scríbhinn agus é críochnaithe agat ar ríomhphost chuig consultations@ncca.ie le do thoil agus cuir "SS Céim 4 Athbhreithniú ar Chur i bhFeidhm Luath (Ainm an Ábhair) Aighneacht i Scríbhinn" i líne an ábhair.

Déanfar anailís ar an aiseolas go léir agus foilseofar tuarascáil ar Chur i bhFeidhm Luath.

Cuirfear deireadh leis an bpróiseas athbhreithnithe seo Déardaoin an 29 Feabhra ag 5 in.

Is é cuspóir mhatamaitic na Sraithe Sóisearaí go bhforbróidh gach scoláire oilteacht sa mhatamaitic. Tá níos mó ná gnáth-líofacht i gceist le hoilteacht sa Mhatamaitic agus déantar cur síos ar leith air sa siollabas mar

  • tuiscint choincheapúil – léirthuiscint ar choincheapa, oibríochtaí agus gaolta matamaiticiúla
  • gnáth-líofacht –scil chun gnásanna a dhéanamh go solúbthacht, go beacht, agus go cuí
  • inniúlacht straitéiseach–an cumas fadhbanna matamaiticiúla a cheapadh, a léiriú, agus a réiteach i gcomhthéacsanna a bhfuil taithí ag an scoláire orthu agus i gcomhthéacsanna nach bhfuil taithí aige orthu
  • réasúnaíocht oiriúnaitheach–an cumas chun smaoineamh go loighciúil, machnamh, míniú, údar a thabhairt agus cumarsáid
  • dearcadh dearfach –féachaint ar an matamaitic mar rud ciallmhar, úsáideach agus fiúntach, mar aon le creideamh i ndúthracht, buanseasmhacht agus éifeachtúlacht an duine féin.

 

 

Athbhreithniú ar Mhatamaitic na Sraithe Sóisearaí

Tá an Mhatamaitic ar cheann de na hábhair atá i gcéim a ceathair den sceideal a ghabhann le cur i bhfeidhm ábhair na sraithe sóisearaí. Chun bonn eolais a chur faoin athbhreithniú seo, choimisiúnaigh CNCM Foras Taighde ar Oideachas chun tabhairt faoi mheasúnú ar thionchar Tionscadal Mata ar chomh maith is a n éiríonn le scoláirí i matamaitic na sraithe sóisearaí. Tharraing an measúnú ar fhoinsí reatha, lena n áirítear sonraí bunaithe ar scrúduithe náisiúnta agus measúnuithe idirnáisiúnta ar an matamaitic. Áiríodh leis freisin agallaimh i nGrúpa Fócais le múinteoirí mhatamaitic na sraithe sóisearaí. Chuir an measúnú bonn bunaithe ar fhianaise ar fáil le haghaidh fhorbairt shonraíocht an ábhair.

Tá ionadaithe i nGrúpa Forbartha na Matamaitice ó réimse páirtithe leasmhara oideachais, lena n-áirítear comhlachtaí múinteoirí agus bainistíochta, an Roinn Oideachais agus Scileanna, agus Coimisiún na Scrúduithe Stáit.