Leithdháiltí ama nua molta – am seachtainiúil, am míosúil agus am solúbtha

Ceardlann: Leithdháileadh ama: seachtainiúil, míosúil agus am solúbtha

Moltar i nDréachtchreat Curaclaim na Bunscoile leithdháileadh ama atá beartaithe chun cuidiú le múinteoirí, le ceannairí scoile agus le scoileanna ina gcuid oibre leis an gcuraclam athfhorbartha. Cuimsítear leis an leithdháileadh ama atá beartaithe go leanfaí den leithdháileadh seachtainiúil don Teanga agus don Mhatamaitic agus go dtabharfaí isteach leithdháileadh seachtainiúil don Fholláine. Bheadh leithdháileadh míosúil (ceithre seachtaine) ann do na réimsí eile curaclaim. Thabharfaí am lánroghnach ar ais mar ‘Am solúbtha’ – le treoir áirithe – a d’fhéadfadh gach scoil a úsáid de réir a tosaíochtaí féin. Bunaithe air sin go léir, leagtar amach sa dréachtchreat trí rogha atá le meas agus le plé (féach Táblaí 4-6, leathanaigh 15-18).

Léigh an treoir leis na eardlanna.

Féach an cur i láthair le fuaim.

Má tá tú i bhFóram Scoileanna CNCM, líon isteach an fhoirm freagartha seo.