Taighde

Faigh tuilleadh faisnéise ar an iniúchadh idirnáisiúnta, ar an imscrúdú ar bheartas curaclaim, agus ar an léirbhreithniú ar an litríocht maidir leis an smaointeoireacht ríomhaireachtúil agus an tuarascáil deiridh.

Mar fhreagra ar an iarratas sin, thug CNCM faoi thaighde lena n áirítear iniúchadh ar bheartais churaclaim ó thaobh an chódaithe de in 22 dlínse; imscrúdú níos doimhne i sé cinn de na dlínsí; agus léirbhreithniú ar an litríocht maidir leis an smaointeoireacht ríomhaireachtúil.

Iniúchadh Idirnáisiúnta ar Churaclaim

I mí Iúil 2016, chuir CNCM tús le hiniúchadh deisce ar bheartas curaclaim ó thaobh an chódaithe de in 22 dlínse.

Cuimsíodh raon leathan dlínsí san iniúchadh, lena n áirítear an Ríocht Aontaithe, atá in aice linn, mar aon le córais eile ó Chríoch Lochlann agus ón Eoraip mar gheall ar a chosúla atá siad ó thaobh cultúir de. Cuimsíodh freisin na Stáit Aontaithe mar gheall ar an mbéim láidir ann ar chuir chuige atá dírithe ar an taighde, agus ar deireadh tíortha i réigiún an Aigéin Chiúin agus san Áise atá tagtha chun cinn mar threochtaí ceannródaíocha ó thaobh na teicneolaíochta agus TFC de laistigh de bheartas curaclaim.

Imscrúdú Idirnáisiúnta ar Churaclaim

Roghnaigh CNCM sé dhlínse chun imscrúdú níos doimhne a dhéanamh orthu: Sasana, an Fhionlainn, an Nua-Shéalainn, Albain, Tuaisceart Éireann, agus Stáit Aontaithe Mheiriceá (CSTA – Caighdeáin de chuid Chumann na Múinteoirí Ríomheolaíochta, Ranganna K-5 [idir an naíonra agus rang 5 in Éirinn]).

Ba é ba chuspóir leis an imscrúdú curaclaim bonn eolais a chur faoi CNCM agus sraith ábhar tacaíochta á forbairt a mbeidh scoileanna in ann iad a úsáid agus cuir chuige éagsúla á gcur i bhfeidhm acu ar bhonn píolótach chun an códú a chomhtháthú i gcuraclam na bunscoile in Éirinn.

Smaointeoireacht ríomhaireachtúil

Tá sé léirithe i dtaighde le déanaí go leagann an smaointeoireacht ríomhaireachtúil síos cuid de na bunchlocha le haghaidh an chódaithe tríd an mbéim a chuirtear ar an bhfadhbréiteach agus ar scileanna cruthaitheacha solúbtha i dtaca leis an smaointeoireacht.

Choimisiúnaigh CNCM léirbhreithniú ar an litríocht le bunús na smaointeoireachta ríomhaireachtúla a thuiscint ina hiomláine. Ba é aidhm an léirbhreithnithe sin an smaointeoireacht ríomhaireachtúil a shainmhíniú, a ábhartha atá sí d’fhoghlaim leanaí i rith bhlianta na bunscoile, agus féachaint ar an gcaoi a bhféadfaí í a fhorbairt thar an gcuraclam.

Tuarascáil Deiridh

Tá cur síos sa tuarascáil ar an Tionscnamh um Chódú i mBunscoileanna ar an obair le scoileanna agus leagtar amach inti na príomhthorthaí a bhain leis an imscrúdú idirnáisiúnta ar churaclaim agus leis an bpáipéar taighde ar an smaointeoireacht ríomhaireachtúil. Tugtar pointí tábhachtacha plé ag deireadh na tuarascála, mar aon le treoracha don obair amach anseo maidir leis an gcódú agus an smaointeoireacht ríomhaireachtúil a chomhtháthú i gcuraclam bunscoile athfhorbartha.

 
Dréachtchreat Curaclaim na Bunscoile

Tá CNCM tar éis sraith de pháipéir thaighde ghairide a choimisiúnú chun tacú le forbairt na Teicneolaíochta Digití i gcomhthéacs an athbhreithnithe agus na hathfhorbartha níos leithne ar an gcuraclam bunscoile reatha agus ar Dhréachtchreat Curaclaim na Bunscoile, a foilsíodh le déanaí.