Forbairt Aistear

Agus Aistear á fhorbairt, chuaigh CNCM i gcomhairle le páirtithe leasmhara, páistí san áireamh; d’fhoghlaim siad ó thaighde; agus chinntigh siad go dtacaíonn an creatchuraclam agus Síolta: an Creat Cáilíochta Náisiúnta d’Oideachas na Luath-Óige (CECDE, 2006) lena chéile.

Léigh an tsraith páipéar taighde ina ndéantar achoimre ar chuid mhór den litríocht a úsáideadh chun bonn eolais a chur faoi Aistear agus chun é a mhúnlú.

Faigh amach conas a chuidigh páistí le hAistear a fhorbairt trí fhéachaint ar an Staidéar Portráidíochta 

Léigh na príomhthorthaí ón gcomhairliúchán a eagraíodh chun tacú le forbairt Aistear

Léigh faoi na cosúlachtaí idir Aistear agus Síolta