Athbhreithniú ar léargais luath ar an tSraith Shóisearach

Athbhreithniú ar léargais luath ar an tSraith Shóisearach: Tíreolaíocht, Stair, Eacnamaíocht Bhaile, Matamaitic agus Ceol

Tá an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) ag tabhairt faoi athbhreithnithe ar chur i bhfeidhm luath sonraíochtaí Sraithe Sóisearaí ábhair na Staire, na hEacnamaíochta Baile, na Tíreolaíochta, na Mhatamaitic agus an Cheoil (Céim 4). Tá roinnt gnéithe ag baint leis an gcomhairliúchán, lena n-áirítear aighneachtaí i scríbhinn, suirbhé do mhúinteoirí agus gné amháin atá bunaithe ar scoil. Teastaíonn ó CNCM tuairimí a fháil ó réimse páirtithe, lena n-áirítear páirtithe leasmhara oideachais, múinteoirí atá ag cleachtadh a ngairme agus scoláirí ar spéis leo cur leis an athbhreithniú ar chur i bhfeidhm luath seo.

Is é cuspóir an athbhreithnithe seo ná aiseolas a bhailiú ó bhainistíocht scoile, ó mhúinteoirí/oideoirí, agus ó pháirtithe leasmhara maidir le taithí ar na hábhair seo agus na socrúcháin mheasúnaithe a bhaineann leo i scoileanna.

Is féidir leat páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán seo tríd an suirbhé ar líne a chomhlánú.

Suirbhé ar Líne

Is féidir leat páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán seo trí aighneacht i scríbhinn a chur isteach ag baint úsáid as an teimpléad seo.

Teimpléad Aighneachtaí Scríofa

Seol an aighneacht i scríbhinn agus é críochnaithe agat ar ríomhphost chuig consultations@ncca.ie le do thoil agus cuir "SS Céim 4 Athbhreithniú ar Chur i bhFeidhm Luath (Ainm an Ábhair) Aighneacht i Scríbhinn" i líne an ábhair.

Déanfar anailís ar an aiseolas go léir agus foilseofar tuarascáil ar Chur i bhFeidhm Luath.

Cuirfear deireadh leis an bpróiseas athbhreithnithe seo Déardaoin an 29 Feabhra ag 5 in.