Iniúchadh curaclaim idirnáisiúnta ar Oideachas don Fhorbairt Inbhuanaithe (ESD)

Trasearnála

16 Nollaig, 2021

Iniúchadh curaclaim idirnáisiúnta ar Oideachas don Fhorbairt Inbhuanaithe (ESD)

Tá CNCM ag iarraidh ‘cultúr bunaithe ar fhianaise le haghaidh nuálaíocht agus forbairt curaclaim agus measúnaithe ar fud chontanam an oideachais in Éirinn, ina gcuimsítear oideachas luathbhlianta, bunscoile agus iar-bhunscoile’ a bhaint amach (Straitéis Taighde CNCM, 2019-2021, lch.3). Agus Éire ag féachaint i dtreo Clár Oibre na Náisiún Aontaithe le haghaidh Forbairt Inbhuanaithe 2030, agus athbhreithniú á dhéanamh ar Straitéis ESD 2014-2020, thug CNCM faoi thaighde oifige chun bonn eolais a chur faoi mhionchoigeartú ar a threo straitéiseach don ESD sa churaclam. An aidhm a bhí leis ná slite ina gcomhtháthaíonn roinnt dlínsí ESD/inbhuanaitheacht (an t-athrú aeráide san áireamh) ina gcuraclaim agus na slite ina léirmhíníonn agus ina mbainistíonn siad fís UNESCO maidir le EDS a fhiosrú. Díríonn an fhís seo ar Sprioc Fhorbartha Inbhuanaithe 4 ar Chaighdeán Oideachais, agus ar aidhm 4.7 go sonrach (UNESCO, 2020, lch. 14):

Cinntigh go sealbhaíonn gach foghlaimeoir an t-eolas agus na scileanna a theastaíonn chun forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn, lena n-áirítear, i measc nithe eile, trí oideachas le haghaidh forbairt inbhuanaithe agus stíleanna maireachtála inbhuanaithe, cearta daonna, comhionannas inscne, cur chun cinn cultúr síochána agus neamhfhoréigean, saoránacht domhanda agus léirthuiscint ar éagsúlacht chultúrtha agus ar thabhartas an chultúir don fhorbairt inbhuanaithe faoi 2030.

Foilseofar an taighde seo ar ncca.ie/ga/ i dtosach 2022.