An fhoghlaim allamuigh sa bhunscoil

Bunscoil

20 Bealtaine, 2021

An fhoghlaim allamuigh sa bhunscoil

Tá dhá sheimineár gréasáin forbartha ag CNCM maidir le hábhar na foghlama allamuigh sa bhunscoil chun tacú le múinteoirí agus le príomhoidí bunscoile. I Seimineár Gréasáin a hAon leis an Dr Orla Kelly (Ollamh Comhlach, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath) agus Joan Whelan (Cathaoirleach, Cumann Scoileanna Foraoise na hÉireann), fiosraítear na féidearthachtaí atá ann tosú ag obair leis an gcuraclam faoin spéir. I Seimineár Gréasáin a Dó leis an mbeirt mhúinteoirí Jacqueline Curley (Múinteoir, SN Chnoc na Cathrach) agus Siobhán Fitzgerald (Príomhoide, S.N. na hEaglaise), cloisfear ó scoileanna faoina dtaithí féin ar oibriú leis an gcuraclam sa timpeallacht taobh amuigh. Tá na seimineáir ghréasáin sin oiriúnach dóibh siúd ar mhaith leo tosú ag obair i réimse na foghlama allamuigh, agus freisin dóibh siúd ar mhaith leo an úsáid a bhaineann siad as an timpeallacht amuigh faoin aer ina gcleachtas a fhorbairt tuilleadh. Is féidir súil a chaitheamh ar na seimineáir ghréasáin anseo.