Dréachtsonraíocht Chorpoideachas na Sraithe Sóisearaí

An tSraith Shóisearach

20 Bealtaine, 2021

Dréachtsonraíocht Chorpoideachas na Sraithe Sóisearaí

Táthar tar éis dréachtsonraíocht a fhorbairt do Chorpoideachas na Sraithe Sóisearaí. Tá sí deartha le haghaidh íoslíon 135 uair den teagasc agus den fhoghlaim thar thrí bliana. Tá sé beartaithe go dtiocfaidh sí in ionad na bhforálacha curaclaim Corpoideachais roimhe seo sa tsraith shóisearach. Osclófar comhairliúchán poiblí maidir leis an dréachtsonraíocht seo go luath sa scoilbhliain nua. Fáilteoidh CNCM roimh dhearctaí na múinteoirí, an scoláire, na dtuismitheoirí agus na ngeallsealbhóirí. Coinnigh súil ar leathanach gréasáin an chomhairliúcháin le haghaidh tuilleadh sonraí maidir leis an gcaoi chun páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán.