Nuashonruithe ar aistriú agus tuairisciú 2021

Bunscoil

20 Bealtaine, 2021

Nuashonruithe ar aistriú agus tuairisciú 2021

Sa chiorclán a eisíodh le déanaí, Ciorclán 0018/2021, soiléiríodh na socruithe don tuairisciú ag deireadh na bliana agus d’aistriú an Phas Oideachais don scoilbhliain 2020/2021. I bhfianaise na n-imthosca eisceachtúla i mbliana, tugadh leideanna agus coigeartuithe áisiúla sna tuairiscí nuaghinte ar an gCruthaitheoir Cárta Tuairisce anois chun tacú le múinteoirí agus iad ag tuairisciú ar dhul chun cinn na bpáistí i gcomhthéacs na foghlama laistigh den scoil agus i gcomhthéacs na cianfhoghlama araon. Moltar do mhúinteoirí leas a bhaint as spásanna i gcruth scéil chun aitheantas a thabhairt do rannpháirtíocht na bpáistí sa chianfhoghlaim le linn don scoil a bheith dúnta, agus freisin don tacaíocht a thug tuismitheoirí agus caomhnóirí lena linn. Chun tacaíochtaí agus treoir ghinearálta maidir le tástáil chaighdeánach agus freastal a fháil, téigh chuig Tuairisciú agus Aistriú | NCCA

I gcás ina bhfuil tacaíochtaí breise ó pháistí tar éis dóibh aistriú go dtí an iar-bhunscoil, d’fhéadfaí an Pas Oideachais a fhorlíonadh leis an bhFoirm Aistrithe Scoláire NEPS. I gcás páiste a dteastaíonn tacaíochtaí breise uaidh nó uaithi amhail cúntóirí riachtanas speisialta, teicneolaíocht chuiditheacha nó iompar scoile, moltar aird a thabhairt ar spriocdhátaí d’iarratas NSCE. Tabhair faoi deara go dteastaíonn toiliú ó thuismitheoir/chaomhnóir an pháiste chun an fhoirm Aistrithe Scoláire a aistriú.