Nuashonruithe na Sraithe Sinsearaí

An tSraith Shinsearach

20 Bealtaine, 2021

Nuashonruithe na Sraithe Sinsearaí

Ag an leibhéal iar-bhunscoile, tá an comhairliúchán maidir le dréachtsonraíochtaí Ghaeilge na hArdteistiméireachta L1 agus L2 ar oscailt agus tá am fós ann chun do smaointe a chomhroinnt linn. Cliceáil anseo le teacht ar thuilleadh eolais faoin gcomhairliúchán seo, le breathnú ar na dréachtsonraíochtaí, le páirt a ghlacadh inár suirbhéanna ar líne nó le haighneacht a sheoladh chugainne.

Tá tuairisc comhairliúcháin maidir le Páipéar Cúlra agus Faisnéisiú d’athbhreithniú Theangacha Clasaiceacha na hArdteistiméireachta: An Laidin agus An tSean-Ghréigis ar fáil anseo.

Tá tuairisc comhairliúcháin maidir leis an bPáipéar Cúlra agus Faisnéisiú d’athbhreithniú Araibis na hArdteistiméireachta ar fáil freisin ar féidir leat teacht uirthi anseo.

Táthar ag dúil go mbeidh na dréachtsonraíochtaí don Laidin, don tSean-Ghréigis agus don Araibis críochnaithe agus réidh dá gcomhairliúchán tar éis an tsamhraidh.