OSPS agus Foireann Uirlisí OCG

Trasearnála

20 Bealtaine, 2021

OSPS agus Foireann Uirlisí OCG

D’fhoilsigh CNCM ábhair thacaíochta i mí Aibreáin sna “Foirne Uirlisí OSPS/OCG” do mhúinteoirí bunscoile agus iar-bhunscoile. Is é an aidhm leis na hábhair tacú le múinteoirí chun OSPS agus OCG a ullmhú agus a mhúineadh le Curaclam na Bunscoile chomh maith le curaclaim na Sraithe Sóisearaí agus na Sraithe Sinsearaí ar leibhéal iar-bhunscolaíochta. Tá na foirne uirlisí ar fáil anseo:

Tá na hábhair mar fhreagairt ar thorthaí ó athbhreithniú CNCM ar OCG (2019) agus tá siad deartha chun tacú le múinteoirí a gcuid forbartha gairmiúla a chur ar aghaidh go neamhspleách agus go comhoibríoch in OSPS. Áirítear leis na foirne uirlisí freisin cuid “Acmhainní Foghlama” ina dtiomsaítear acmhainní lenar féidir tacaíocht a thabhairt do mhúinteoirí chun pleanáil don teagasc agus don fhoghlaim in OSPS. Táthar tar éis na hacmhainní a léarscáiliú go cúramach ar shnáitheanna / aonaid snáithe de na curaclaim ábhartha chun éascú don ullmhú don mhúineadh. Cuirfear ábhair thacaíochta bhreise leis an bhfoireann uirlisí sna míonna amach romhainn.