Aistear á nuashonrú

An Luath-Óige

13 Deireadh Fómhair, 2021

Aistear á nuashonrú

Tá Aistear á nuashonrú ag an CNCM. Tá Céim 1 den chomhairliúchán dúnta anois.

Tá bunús taighde do cheithre théama Aistear á nuashonrú chomh maith le sraith páipéar acadúil. 

Mar chuid de Chéim 2, le linn 2022/2023, roinnfear moltaí bunaithe ar thorthaí Chéim 1 agus na bpáipéar taighde. Tabharfar deis duit arís ag an gcéim seo aiseolas a roinnt.

Le tuilleadh a fhoghlaim faoi seo, léigh Cáipéis Eolais ghearr faoi nuashonrú Aistear; breathnaigh ar an bhfíseán eolais; nó éist le podchraoladh gairid faoin bpróiseas nuashonraithe.  

Tá do chuid tuairimí an-tábhachtach dúinn, mar sin iarrtar ort páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán agus tú féin a choinneáil ar an eolas faoina bhfuil ag tarlú trí CNCM a leanúint ar Facebook, ar Twitter nó ar Instagram.