Comhairliúchán ar Dhréachtchreat Curaclaim na Bunscoile

Bunscoil

13 Deireadh Fómhair, 2021

Comhairliúchán ar Dhréachtchreat Curaclaim na Bunscoile

Cé gur cuireadh siar an comhairliúchán le scoileanna ar Dhréachtchreat Curaclaim na Bunscoile ag deireadh 2020, le linn an ama seo, choinnigh CNCM orthu ag bailiú freagraí ó pháirtithe leasmhara, ó ghrúpaí spéise agus daoine eile i saol an oideachais a bhí ag iarraidh a gcuid smaointe a roinnt maidir leis na moltaí le haghaidh athchóiriú churaclam na bunscoile. 

Athosclóidh an comhairliúchán le bunscoileanna agus le scoileanna speisialta ar an 19 Deireadh Fómhair agus déanfar ár gceistneoir ar líne, ár bhfoirm aighneachta i scríbhinn agus ár n-ábhair cheardlainne comhairliúcháin do scoileanna a athsheoladh. Ag leanúint ar aghaidh chuig tús 2022, tá CNCM ag súil go mór le cloisteáil ó mhúinteoirí, ó cheannairí scoile, ó pháistí agus ó thuismitheoirí, agus a bheith ag obair leo trínár seimineáir ar líne agus trínár n-imeachtaí grúpa fócais. Eagróidh CNCM imeachtaí comhairliúcháin duine le duine nuair is féidir, ag brath ar chomhairle sláinte phoiblí. Rachfar i mbun comhairliúcháin le páistí le linn na tréimhse seo freisin. 

Is mór le CNCM gach duine a roinn tuairimí i dtaca leis na moltaí sa dréachtchreat, agus gabhaimid buíochas leo. Bainfear feidhm as gach aiseolas atá faighte go dtí seo agus a thiomsófar sna míonna amach romhainn d’fhonn an creat deiridh a threorú. Úsáidfear an creat chun athfhorbairt churaclam na bunscoile a threorú.

Beidh tuilleadh nuashonruithe ar an gcomhairliúchán le scoileanna le fáil sna seachtainí agus sna míonna amach romhainn freisin. Dá mba mhian leat na nuashonruithe seo a fháil, féach ar ár suíomh gréasáin https://ncca.ie/ga/bunscoil/ agus lean muid ar Twitter, ar Facebook, agus ar Instagram.