Comhairliúchán Leathnaithe ar Ghaeilge na hArdteistiméireachta

An tSraith Shinsearach

13 Deireadh Fómhair, 2021

Comhairliúchán Leathnaithe ar Ghaeilge na hArdteistiméireachta

Tá go leor ama ann go fóill ann le do chuid smaointe a roinnt linn maidir le dréachtsonraíochtaí Ghaeilge na hArdteistiméireachta do T1 agus T2. Leathnaíodh spriocdháta an chomhairliúcháin seo agus beidh na gníomhaíochtaí comhairliúcháin ar fad oscailte go dtí deireadh mhí na Samhna 2021.

  • Beidh na suirbhéanna ar fad oscailte go dtí 5:00 p.m. ar an 30 Samhain.
  • Tá agallaimh duine ar dhuine le freagróirí an tsuirbhé ag dul ar aghaidh go fóill.
  • Beimid ag glacadh le haighneachtaí scríofa go dtí 5:00 p.m. ar an 30 Samhain.
  • Tá plé, seisiúin eolais agus grúpaí fócais comhairleacha déthaobhacha le múinteoirí, scoláirí, tuismitheoirí agus príomhpháirtithe leasmhara eile ag dul ar aghaidh go fóill.
  • Is féidir moltaí do liostaí téacsanna T1 agus T2 a chur ar fáil ar líne go dtí 5:00 p.m. ar an 30 Samhain.

Más mian leat tuilleadh eolais a fháil nó dréachtsonraíochtaí T1 agus T2 a léamh, cliceáil anseo.

Déanfaidh CNCM athbhreithniú ‘luathléargais’ ar Dhréachtsonraíochtaí na Sraithe Sóisearaí, T1 agus T2, sna míonna amach romhainn. Is é cuspóir an athbhreithnithe luathléargas seo aiseolas a ghabháil ó mhúinteoirí, ó scoláirí agus ó pháirtithe leasmhara maidir le cur i bhfeidhm na sonraíochta le haghaidh Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí, T1 agus T2, go dtí seo. Más mian leat tuilleadh eolais a fháil maidir leis an athbhreithniú seo agus an tslí ar féidir leat páirt a ghlacadh ann coimeád súil ar Gaeilge | NCCA