Fócasghrúpaí ar líne

Bunscoil

13 Eanáir, 2022

Fócasghrúpaí ar líne

Táimid ag reáchtáil fócasghrúpaí ar líne le múinteoirí, ceannairí scoile agus tuismitheoirí chun aiseolas a chur ar fáil ar na moltaí sa dréachtchreat. Beidh na himeachtaí dírithe ar mhúinteoirí agus ceannairí scoile ar siúl ó 3:30 i.n. go 4:45 i.n. Beidh imeachtaí na dtuismitheoirí ar siúl ó 7:00 i.n. go 8:00 i.n.

Tá na fócasghrúpaí a bheidh ar siúl an mhí seo agus i mí Feabhra do mhúinteoirí, ceannairí scoile agus tuismitheoirí/caomhnóirí ar na dátaí seo a leanas:

19ú Eanáir: Múinteoirí agus Ceannairí scoile (AS GAEILGE)

20ú Eanáir: Múinteoirí

25ú Eanáir: Ceannairí scoile

26ú Eanáir: Múinteoirí

3ú Feabhra: Ceannairí scoile

8ú Feabhra: Tuismitheoirí

9ú Feabhra: Múinteoirí

15ú Feabhra: Ceannairí scoile

16ú Feabhra: Tuismitheoirí

Roinnigí na sonraí seo le hoideachasóirí agus le tuismitheoirí/caomhnóirí eile a cheapann tú go mbeadh suim acu freastal orthu.

Cláraigh d'imeachtaí na múinteoirí/ ceannairí scoile anseo

Cláraigh don imeacht do mhúinteoirí / ceannairí scoile AS GAEILGE anseo

Cláraigh d'imeachtaí na dtuismitheoirí anseo