Guth an pháiste

Bunscoil

13 Eanáir, 2022

Guth an pháiste

Thosaigh comhairliúchán le páistí i mí Dheireadh Fómhair 2021 agus lean sé ar aghaidh go dtí mí na Nollag 2021. Tá an fhoireann taighde ó Institiúid Oideachais Marino (IOM) atá i mbun an tsnáithe seo den chomhairliúchán ar son an CNCM, faoi stiúir an Dr Joan Kiely agus tá an Dr Maja Haals Brosnan, an Dr Claire Dunne, an Dr Andrea Uí Chianáin agus Miriam Colum san áireamh. Tá modhanna sofaisticiúla deartha ag na taighdeoirí lena chinntiú go dtabharfar páirt bhríoch do ghuthanna páistí sa chomhairliúchán agus go léireofar iad sa chomhairliúchán, ar a bhfoilseofar an tuairisc i ráithe 4 de 2022.