Nuashonrú ar an bhFóram Scoileanna

Bunscoil

13 Eanáir, 2022

Nuashonrú ar an bhFóram Scoileanna

Tá an fóram ag cabhrú athbhreithniú agus athfhorbairt an churaclaim bunscoile a threorú agus a mhúnlú. Tá thart ar 60 bunscoil, scoil speisialta, réamhscoil agus iar-bhunscoil ann, a léiríonn éagsúlacht shaibhir na gcomhthéacsanna scoile in Éirinn. Chomh maith leis sin tá fáilte curtha ag an bhfóram roimh scoileanna nua le cúpla mí anuas.

Bhí cruinnithe ar líne den fhóram ar siúl i mí na Samhna agus i mí na Nollag seo caite agus bhí scoileanna ag plé arís leis na moltaí sa dréachtchreat. Leanfaidh an fóram ar aghaidh ag plé na moltaí seo sna míonna amach romhainn agus ag tabhairt aiseolais ag baint úsáide as na hÁbhair Chomhairliúcháin do Scoileanna.