Comhairliúchán ar an Matamaitic Bhunscoile

Bunscoil

11 Márta, 2022

Comhairliúchán ar an Matamaitic Bhunscoile

Sna sála ar an gcomhairliúchán ar dhréachtshonraíocht na Matamaitice ó na naíonáin bheaga go dtí rang a dó in 2017/2018 (tuairisc ar fáil anseo), tá CNCM ag déanamh socruithe anois d’fhonn comhairliúchán a dhéanamh ar Dhréacht-Churaclam Matamaitice na Bunscoile trí chéile.

Beidh roinnt snáithí ag baint leis an gcomhairliúchán seo.

1) Líonraí scoileanna                                       

Is é a bheidh i gceist anseo ná dul i gcomhairle le gréasán de 12 scoil. Léiríonn na scoileanna seo éagsúlacht shaibhir na gcineálacha scoileanna san oideachas bunscolaíochta. Beidh na scoileanna ag obair leis an dréacht-churaclam, lena n-áirítear na dréacht-thorthaí foghlama, dréacht-choincheapa matamaiticiúla agus dréacht-chontanaim dhul chun cinn.

 2) Guth na bpáistí

Croí-aidhm eile de chuid an chomhairliúcháin is ea aiseolas ó pháistí a thiomsú. Ba mhaith linn na barúlacha atá acusan ar na cineálacha eispéireas foghlama a bhaineann le Dréacht-Churaclam Matamaitice na Bunscoile a chloisteáil. Déanfar an obair seo i gcomhpháirt leis an líonra scoileanna.

3) Ceistneoirí ar líne

Beidh dhá cheistneoir ar fáil ar líne: ceann amháin dóibh siúd atá ag obair agus/nó atá rannpháirteach san oideachas agus ceann eile do thuismitheoirí agus do chaomhnóirí. Beidh siad seo ar fáil ar leathanach gréasáin na matamaitice bunscoile ar ncca.ie go dtí deireadh mhí Aibreáin.

4) Aighneachtaí i scríbhinn

Beidh deis ann freisin ar líne do ghrúpaí nó daoine aonair ar mian leo aighneacht scríofa a dhéanamh. Cuirfear an deis seo ar fáil ag deireadh mhí Aibreáin agus beidh na sonraí le fáil ar leathanach gréasáin na matamaitice bunscoile.

Faoi dheireadh, i bhfianaise na moltaí atá leagtha amach i nDréachtchreat Curaclaim na Bunscoile, féachfaimid freisin le roinnt breithnithe tosaigh a fhiosrú i dtaca le nascacht fhéideartha idir an Mhatamaitic agus an Eolaíocht agus Teicneolaíocht. Is éard a bheadh i gceist sa gcás sin ná dul i gcomhairle le múinteoirí, ceannairí scoile agus páirtithe leasmhara eile sa réimse sin.

Is féidir fanacht ar an eolas i dtaca leis na forbairtí go léir a bhaineann leis an gcomhairliúchán ar an leathanach gréasáin tiomnaithe matamaitic bhunscoile againn. Is féidir níos mó eolais a fháil anseo freisin ar an obair thaighde agus forbartha chúlra atá taobh thiar den dréacht-sonraíocht úr.