Matamaitic Fheidhmeach na hArdteistiméireachta

An tSraith Shinsearach

11 Márta, 2022

Matamaitic Fheidhmeach na hArdteistiméireachta

I mí Mheán Fómhair 2021, tugadh sonraíocht úr spreagúil isteach le haghaidh na Matamaitice Feidhmí i scoileanna. Déantar an cúrsa nua seo a mheasúnú trí bhíthin dhá chomhpháirt measúnaithe: tionscadal samhaltaithe, agus páipéar scrúdaithe. Chun tacú le cur i bhfeidhm na sonraíochta i scoileanna, d’fhoilsigh CNCM doiciméad ar na mallaibh dar teideal; Treoirlínte chun tacú leis an Tionscadal Samhaltaithe. Tá cuimsithe sa cháipéis seo rochtain saor in aisce ar mhodúl teagaisc fadhb-bhunaithe ar líne atá ailínithe leis an tsonraíocht agus ar féidir teacht air ag https://www.curriculumonline.ie/Senior-cycle/Senior-Cycle-Subjects/Applied-Mathematics/