Iniúchadh ar chláir foghlama Leibhéal 1 agus Leibhéal 2 na sraithe sóisearaí

Táimid ag lorg léirithe spéise ó scoileanna páirt a ghlacadh i gcuid scoilbhunaithe den iniúchadh seo

13 Bealtaine, 2022

Iniúchadh ar chláir foghlama Leibhéal 1 agus Leibhéal 2 na sraithe sóisearaí

D’iarr an t-Aire Oideachais, Norma Foley TD, ar an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta cláir leantacha a fhorbairt do scoláirí atá ag tabhairt faoi chláir foghlama Leibhéal 1 agus 2 (L1/L2Ps) na sraithe sóisearaí faoi láthair. Mar thús leis an bpróiseas seo déanfaimid iniúchadh ar chláir foghlama Leibhéal 1 agus Leibhéal 2 na sraithe sóisearaí. Ba mhaith linn freisin tuiscint a fháil ó scoileanna faoin soláthar curaclaim a d’fhéadfadh a bheith á thairiscint acu do scoláirí sa tsraith shinsearach a lean L1/L2Ps na sraithe sóisearaí.

Cuireadh chun páirt a ghlacadh

Táimid ag lorg léirithe spéise ó scoileanna páirt a ghlacadh i gcuid scoilbhunaithe den iniúchadh seo. Tá eolas seolta chuig príomhoidí maidir le conas iarratas a dhéanamh le bheith mar chuid den iniúchadh seo. Is é an spriocdháta le haghaidh léiriú spéise ar líne ná 3.00in ar an 25ú Bealtaine 2022. Tá súil againn go dtarlóidh na cuairteanna scoile i Meán Fómhair 2022.