19 Bealtaine, 2022
Treoirlínte Idirbhliana á nUasdátú
Tá athbhreithniú agus uasdátaithe á ndéanamh ar Chláir na hIdirbhliana – Treoirlínte do Scoileanna. Ó foilsíodh iad in 1994, tá cuid mhór forbairtí tar éis tarlú agus lean scoileanna lena gCláir Idirbhliana a éabhlóidiú chun riachtanais a gcuid scoláire a shásamh.Tabharfaidh an t-iniúchadh léargas ar na gnéithe is éifeachtaí de na cláir idirbhliana seo.
Thug CNCM cuireadh oscailte do gach iar-bhunscoil páirt a ghlacadh sa chomhpháirt scoilbhunaithe den iniúchadh idirbhliana. Ba é spriocdháta na n-iarratas ná 10 Bealtaine 2022. Ó na scoileanna a chuir iarratais isteach, glacfaidh rogha scoileanna ionadaíocha páirt sa chomhpháirt scoilbhunaithe den iniúchadh. Meastar go dtosóidh cuairteanna scoile i mí Mheán Fómhair 2022.
Cuirfidh an chomhpháirt scoilbhunaithe bonn eolais ar fáil maidir le forbairt na treoirlínte idirbhliana agus dearfar iad chun léargas a fháil ar na réimsí seo a leanas:
- comhpháirteanna an chláir atá mar chuid de chlár Idirbhliana na scoile
- pleanáil clár agus meastóireacht
- forás pearsanta agus feasacht shóisialta an scoláire
- teagasc, foghlaim, measúnú agus socruithe tuairiscithe.