Treoirlínte Idirbhliana á nUasdátú

Tá CNCM ag déanamh athbhreithnithe agus uasdátaithe ar Chláir na hIdirbhliana – Treoirlínte do Scoileanna. Tá iniúchadh á dhéanamh chun léargas a fháil ar na gnéithe is éifeachtaí sna cláir reatha don Idirbhliain. Tar éis glao oscailte chuig na scoileanna go léir chun rannpháirtíocht a dhéanamh, tosóidh an chuid scoilbhunaithe den iniúchadh i mí Mheán Fómhair 2022.  

19 Bealtaine, 2022

Treoirlínte Idirbhliana á nUasdátú

Tá athbhreithniú agus uasdátaithe á ndéanamh ar  Chláir na hIdirbhliana – Treoirlínte do Scoileanna. Ó foilsíodh iad in 1994, tá cuid mhór forbairtí tar éis tarlú agus lean scoileanna lena gCláir Idirbhliana a éabhlóidiú chun riachtanais a gcuid scoláire a shásamh.Tabharfaidh an t-iniúchadh léargas ar na gnéithe is éifeachtaí de na cláir idirbhliana seo.  

Thug CNCM cuireadh oscailte do gach iar-bhunscoil páirt a ghlacadh sa chomhpháirt scoilbhunaithe den iniúchadh idirbhliana. Ba é spriocdháta na n-iarratas ná 10 Bealtaine 2022. Ó na scoileanna a chuir iarratais isteach, glacfaidh rogha scoileanna ionadaíocha páirt sa chomhpháirt scoilbhunaithe den iniúchadh. Meastar go dtosóidh cuairteanna scoile i mí Mheán Fómhair 2022.  

Cuirfidh an chomhpháirt scoilbhunaithe bonn eolais ar fáil maidir le forbairt na treoirlínte idirbhliana agus dearfar iad chun léargas a fháil ar na réimsí seo a leanas: 

  • comhpháirteanna an chláir atá mar chuid de chlár Idirbhliana na scoile  
  • pleanáil clár agus meastóireacht  
  • forás pearsanta agus feasacht shóisialta an scoláire  
  • teagasc, foghlaim, measúnú agus socruithe tuairiscithe.