Athbhreithniú Litríochta chun Tacú le Nuashonrú Aistear

Tá CNCM i mbun nuashonraithe ar Aistear: Creatchuraclam na Luath-Óige. Chun tacú leis an bpróiseas, coimisiúnaíodh Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath chun athbhreithniú a dhéanamh ar litríocht ar cheithre théama Aistear. Tugann an t-athbhreithniú forbhreathnú fairsing ar litríocht agus ar bheartas comhaimseartha a bhaineann leis an luath-óige.

01 Márta, 2023

Athbhreithniú Litríochta chun Tacú le Nuashonrú Aistear

Mar a tarraingíodh aird i nuachtlitir info@ncca, tá CNCM ag nuashonrú Aistear: Creatchuraclam na Luath-Óige.​​ Cuid thábhachtach de seo is ea athbhreithniú fairsing córasach ar litríocht náisiúnta agus idirnáisiúnta ar théamaí Aistear den Fholláine; Féiniúlacht agus Muintearas, Cumarsáid, agus Taiscéalaíocht agus Smaointeoireacht. Agus é déanta ag foireann in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath,​ tá tuiscint ar oideachas luath-óige mar bhunchloch do naíonáin, do pháistí óga agus d'fhorbairt pháistí óga mar bhonn agus taca ag an Athbhreithniú Litríochta. Mar sin féin, léirigh torthaí an athbhreithnithe easpa infheictheachta de bhabaithe agus lapadáin sa litríocht atá ar fáil agus mar sin agus aghaidh á tabhairt air seo, tá caibidil ar leith tiomnaithe don aoisghrúpa níos óige seo chun freagairt don bhearna seo i dtaighde go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. D'fhéadfadh go mbeadh spéis ar leith ag scoláirí, oideachasóirí agus taighdeoirí sa mhéid seo chun réimsí a shainaithint a bhfuil tuilleadh taighde de dhíth orthu sa luath-óige.​

I measc na bpríomhtheachtaireachtaí ón Athbhreithniú Litríochta tá an tábhacht a bhaineann le caidrimh a chothú, comhbhá, ionbhá, súgradh eachtrúil, ionchuimsiú, inbhuanaitheacht agus neamhspleáchas páistí a chothú trí cheartas sóisialta.​ Dearbhaíonn torthaí an athbhreithnithe ​ról na n-oideachasóirí maidir le heispéiris churaclaim ardchaighdeáin a sholáthar atá dúshlánach, barántúil agus bríoch. ​​ Léiríonn torthaí an athbhreithnithe ábharthacht leanúnach Aidhmeanna agus Spriocanna Foghlama Aistear agus, ina theannta sin, tugann siad moltaí chun cuid den fhoghlaim seo a fheabhsú tuilleadh do bhabaithe, lapadáin agus páistí óga. ​​

Is féidir an tuarascáil a léamh anseo.