Forbairtí sa tSraith Shinsearach

Tá forbairtí curaclaim ar siúl i roinnt ábhar agus clár sa tsraith shinsearach.

01 Márta, 2023

Forbairtí sa tSraith Shinsearach

Mar chuid d'athfhorbairt níos leithne na sraithe sinsearaí, tionóladh meithleacha forbartha sna sé réimse seo a leanas; 

  • Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte (OSPS) na Sraithe Sinsearaí
  • An Idirbhliain; 
  • Gnó na hArdteistiméireachta; 
  • Gníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe de chuid na hArdteistiméireachta);
  • Léann na Drámaíochta, na Scannán agus na hAmharclannaíochta de chuid na hArdteistiméireachta;
  • Modúil na sraithe Sinsearaí do scoláirí a leanann Cláir Foghlama Leibhéal a hAon agus Leibhéal a Dó.

Tar éis tréimhse comhairliúcháin le múinteoirí, scoláirí agus páirtithe leasmhara eile, foilsíodh Tuarascálacha Comhairliúcháin ar na Cáipéisí Eolais do na hábhair Ardteistiméireachta seo a leanas; 

Le haghaidh tuilleadh nuashonruithe ar na Tuarascálacha Comhairliúcháin ar OSPS na hIdirbhliana agus na Sraithe Sinsearaí, féach ar ár leathanach baile d’Fhorbairtí Curaclaim. 

Cuirfidh na tuarascálacha comhairliúcháin thuasluaite bonn eolais faoi obair na meithleacha forbartha faoi seach. 

Ina theannta sin, osclóidh an comhairliúchán ar an gCáipéis Eolais agus an Treoir d’Fhorbairt Mhodúil na Sraithe Sinsearaí do Scoláirí tar éis Cláir Foghlama Leibhéal a hAon agus Leibhéal a Dó ar an 6ú Márta.

Faigh tuilleadh eolais faoi dhul chun cinn na bhforbairtí curaclaim éagsúla agus obair na Meithleacha Forbartha ar ár leathanach baile d’Fhorbairtí Curaclaim.