Tuarascálacha ar an gComhairliúchán ar Dhréachtchreat Curaclaim na Bunscoile

Foilsíodh dhá thuairisc ar an gcomhairliúchán ar Dhréachtchreat Curaclaim na Bunscoile. Díríonn an chéad cheann ar an gcomhairliúchán fairsing a rinneadh le tuismitheoirí, múinteoirí, ceannairí scoile, eagraíochtaí agus an pobal ó Fheabhra 2020 go Márta 2022. Sa dara tuarascáil dírítear ar pháistí agus ar a dtuairimí ar na tograí chun Curaclam na Bunscoile a athfhorbairt.

01 Márta, 2023

Tuarascálacha ar an gComhairliúchán ar Dhréachtchreat Curaclaim na Bunscoile

Tugtar sonraí i dtuarascáil ar an gcomhairliúchán ar Dhréachtchreat Curaclaim na Bunscoile faoin gcomhairliúchán poiblí ar na tograí chun an curaclam bunscoile a athfhorbairt.  Agus é ar siúl idir Feabhra 2020 agus Márta 2022, ceapadh an comhairliúchán chun a chinntiú go raibh deis ag aon duine nó eagraíocht ar mian leo tuairim a nochtadh ar na tograí é sin a dhéanamh. Fuarthas méid suntasach aiseolais trí chruinnithe le páirtithe leasmhara, grúpaí fócais ar líne, ceistneoirí d'oideachasóirí agus tuismitheoirí, agus aighneachtaí. Cuireann an tuarascáil torthaí an phróisis chomhairliúcháin fhairsing chuimsithigh seo i láthair agus, níos tábhachtaí fós, na himpleachtaí do Churaclam Bunscoile athfhorbartha. Is féidir an tuarascáil a léamh anseo.

Is cuid thábhachtach é éisteacht le peirspictíochtaí páistí agus freagairt dóibh den tslí ina bhforbraíonn CNCM a comhairle maidir leis an gcuraclam agus measúnacht don Aire. Cuireadh tús le comhairliúchán le páistí ar Dhréachtchreat Curaclaim na Bunscoile i mí Mhárta 2020, ba í Institiúid Oideachais Marino a rinne. Chuathas i gcomhairle le páistí as suíomhanna réamhscolaíochta, bunscolaíochta agus as an gcéad bhliain den iar-bhunscolaíocht i dtaca leis na nithe a thaitin leo, nár thaitin leo agus na nithe a d’athróidís faoin bhfoghlaim i mbunscoileanna. Baineadh úsáid as dearadh nuálach taighde chun freagairt do riachtanais agus cumais forbartha na bpáistí. Áiríodh air seo agallaimh, scéalta foghlama, líníochtaí agus grianghraif a thóg na páistí. Tugann sonraí ón gcomhairliúchán seo léargas luachmhar ar eispéiris agus peirspictíochtaí laethúla páistí atá ag ullmhú don bhunscoil, iad siúd atá ag freastal ar bhunscoileanna faoi láthair, chomh maith le cuntais iardhearcacha uathu siúd atá tar éis bogadh tríd an oideachas bunscoile agus isteach chuig an oideachas iar-bhunscoile. Tá saibhreas suntasach ag torthaí an chomhairliúcháin seo agus leanfar dá n-úsáid chun cruth a chur ar obair CNCM maidir le curaclam bunscoile athfhorbartha. Is féidir an tuarascáil a léamh anseo.