Athbhreithnithe léargais luatha ar ábhair na Sraithe Sóisearaí agus gearrchúrsaí

Tugann an CNCM faoi athbhreithnithe léargais luatha ar ábhair agus ar ghearrchúrsaí a tugadh isteach sa churaclam de réir an Chreata don tSraith Shóisearach (2015). Léigh tuilleadh faoin obair atá ar bun agus faoin gcaoi ar féidir leat páirt a ghlacadh san athbhreithniú ar roinnt gearrchúrsaí i gCuraclam na Sraithe Sóisearaí.

24 Bealtaine, 2023

Athbhreithnithe léargais luatha ar ábhair na Sraithe Sóisearaí agus gearrchúrsaí

Amharc-ealaín agus Nuatheangacha Iasachta
Thug CNCM athbhreithniú léargais luatha ar Amharc-ealaín agus Nuatheangacha Iasachta i gCuraclam na Sraithe Sóisearaí i dtéarma earraigh 2023. Mar chuid den phróiseas athbhreithnithe tugadh faoi chomhairliúcháin le scoláirí, múinteoirí agus ceannairí scoile trí chuairteanna scoilbhunaithe, chomh maith le plé grúpaí fócais le múinteoirí i suíomhanna réigiúnacha timpeall na tíre, agus comhairliúcháin le páirtithe leasmhara ábhartha eile maidir leis an taithí a bhí acu ar na hábhair de réir mar a cuireadh i bhfeidhm iad. Lorgaíodh aiseolas ó na páirtithe leasmhara ar fad a raibh spéis acu san ábhar trí shuirbhé ar líne freisin. Foilseofar tuarascáil ar athbhreithniú léargais luatha i bhFómhar 2023 ar www.ncca.ie.

Gearrchúrsaí: Litearthacht sna Meáin Dhigiteacha, Códú, agus Teanga agus Cultúr na Síne
Tá athbhreithniú léargais luatha á dhéanamh ag CNCM ar roinnt gearrchúrsaí sa tSraith Shóisearach. Seo a leanas na cúrsaí sin: Litearthacht sna Meáin Dhigiteacha, Códú, agus Teanga agus Cultúr na Síne. Táthar ag súil leis go spreagfaidh an t-athbhreithniú seo aiseolas ó scoláirí, múinteoirí, ceannairí scoile agus páirtithe leasmhara ábhartha maidir lena dtaithí ar obair ar na gearrchúrsaí seo.

Mar chuid den phróiseas athbhreithnithe tá comhairliúcháin le scoláirí, múinteoirí agus ceannairí scoile trí chuairteanna scoilbhunaithe, chomh maith le plé le páirtithe leasmhara ábhartha agus grúpaí leasmhara eile. Fáiltítear roimh thuairimí ó pháirtí ar bith a bhfuil spéis acu san ábhar trí aighneachtaí i scríbhinn do gach gearrchúrsa ag https://ncca.ie/ga/an-tsraith-sh%C3%B3isearach/forbairt%C3%AD-curaclaim/.

Is é 5:00pm ar an 29 Bealtaine 2023 an spriocdháta do na haighneachtaí.

Foilseofar tuarascáil i bhFómhar 2023 ar www.ncca.ie.