Creatchuraclam na Bunscoile

Rinne an tAire Oideachais, Norma Foley, TD, Creatchuraclam na Bunscoile a sheoladh do gach bunscoil agus scoil speisialta i mí an Mhárta 2023 i gCaisleán Bhaile Átha Cliath. Seo an chéad chreatchuraclam riamh don bhunoideachas in Éirinn agus leagtar amach cuspóir, struchtúr agus ábhar curaclam bunscoile athfhorbartha ann.

24 Bealtaine, 2023

Creatchuraclam na Bunscoile

Is do na bunscoileanna agus na scoileanna speisialta go léir Creatchuraclam na Bunscoile agus treoróidh sé obair na múinteoirí agus na gceannairí scoile agus iad ag cur le foghlaim, teagasc agus measúnú do gach páiste ó rang na naíonán sóisearach go dtí rang a sé.
Sa chreat leagtar amach fís, prionsabail, príomhinniúlachtaí, struchtúr, cuir chuige i leith foghlama, teagaisc agus measúnaithe, agus leithdháiltí ama don churaclam bunscoile athfhorbartha.

Tagann sé le hAistear: Creatchuraclam na Luath-óige agus nascann sé leis an gCreat don tSraith Shóisearach, ag tacú le leanúnachas eispéireas na bpáistí ó na luathbhlianta go dtí an bhunscoil agus ansin go dtí a n-oideachas iar-bhunscoile.
Tá cúig réimse leathana curaclaim sa chreat; Oideachas Ealaíon; Teanga; Oideachas Sóisialta agus Imshaoil; Oideachas Eolaíochta, Teicneolaíochta, Innealtóireachta agus Matamaitice (ETIM); agus Folláine. Tá forbairt na sonraíochtaí curaclaim do gach ceann de na réimsí seo ar bun faoi láthair agus foilseofar dréachtsonraíochtaí do chomhairliúchán cuimsitheach sa bhliain 2024.

Tá dúnadh leathlae á chur ar fáil le rannpháirtíocht scoile uile leis an gCreat a éascú ionas gur féidir le scoileanna taithí a fháil ar an ábhar atá ann (féach Ciorclán 0017/2023). Forbraíodh na hacmhainní seo a leanas chun tacú le scoileanna:
• físeán idirghníomhaireachta inar léirítear príomhtheachtaireachtaí Chreatchuraclam na Bunscoile
• físeán céim ar chéim maidir leis an gCreat.
Is féidir teacht ar níos mó eolais ar Chreatchuraclam na Bunscoile anseo.