Tuarascálacha Taighde ar litríocht an Bhéarla agus ar liostaí téacsanna dualgais

Foilsíodh dhá pháipéar le déanaí i réimse Bhéarla na Sraithe Sóisearaí agus Sinsearaí. Díríonn na páipéir seo ar staidéar na litríochta i gcuraclaim an Bhéarla i ndlínsí éagsúla agus ar ról agus ar na próisis i rogha na dtéacsanna dualgais.

24 Bealtaine, 2023

Tuarascálacha Taighde ar litríocht an Bhéarla agus ar liostaí téacsanna dualgais

Foilsíodh le déanaí dhá pháipéar i réimse Bhéarla na Sraithe Sóisearaí agus Sinsearaí. 

Ba í an príomhthaighdeoir Dr Bethan Marshall a scríobh an chéad pháipéar, Staidéar comparáideach ar an Litríocht i gcuraclaim Bhéarla i ndlínsí éagsúla, thar ceann CNCM. Breathnaítear sa staidéar seo ar an tslí ina ndéantar an Béarla mar ábhar a choincheapú in ocht ndlínse éagsúla ina labhraítear Béarla, an tslí ina n-eagraítear an curaclam agus ar a bhfuil san áireamh ann, an bhfuil sé éigeantach nó nach bhfuil, agus ar an tslí ina déantar measúnú air.

Is é teideal an dara páipéar, a scríobh CNCM, ná Tuairisc ar ról na liostaí téacsanna dualgais i mBéarla na Sraithe Sóisearaí agus na hArdteistiméireachta agus na próisis a bhaineann le roghnú na dtéacsanna. Is é aidhm an pháipéir seo ná scrúdú a dhéanamh ar ról, ar chuspóirí agus ar phróisis roghnaithe téacsanna a úsáidtear in Éirinn i bhfianaise taighde Marshall agus, na guthanna agus na peirspictíochtaí éagsúla maidir le liostaí téacsanna. Sa pháipéar seo tugtar léargas ar an tslí inar fhorbair an próiseas roghnaithe téacsanna in Éirinn. Chomh maith leis sin, tógtar torthaí ó thaighde Marshall agus cuirtear na próisis a úsáidtear in Éirinn faoi láthair i gcomparáid leis na próisis a úsáidtear go hidirnáisiúnta ar mhaithe le bonn eolais a chur faoi fhorbairtí leantacha sa réimse seo.

Cuireann an dá pháipéar seo, ar féidir teacht orthu anseo ar ár suíomh gréasáin, leis an mbonn taighde a thacaíonn le forbairt churaclam Béarla na sraithe sóisearaí agus sinsearaí.