DNA na foghlama agus an teagaisc!

Tá dhá thuarascáil taighde cheannródaíocha díreach foilsithe ag CNCM a dhíríonn ar na naisc shuimiúla atá ann idir Comhtháthú, Oideolaíocht agus Measúnú, ar mhaithe le cur leis an gcuraclam bunscoile. Cuireann na tuarascálacha, a scríobh an Dr Patrick Burke agus an Dr Paula Lehane, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, smaointeoireacht fhorásach chomhaimseartha ar fáil don churaclam agus don seomra ranga.

23 Deireadh Fómhair, 2023

DNA na foghlama agus an teagaisc!

Tá Comhtháthú, Oideolaíocht agus Measúnú i gcroílár na foghlama agus an teagaisc d’ardchaighdeán. Tá na trí choincheap idirghaolmhara seo ina mbloic thógála riachtanacha de theagasc agus d'fhoghlaim éifeachtach inár seomraí ranga agus inár scoileanna. Má tá tú fiosrach maidir le conas oideolaíocht agus measúnú a chur i bhfeidhm mar chuid de churaclam comhtháite, ba cheart duit iniúchadh a dhéanamh ar na tuarascálacha seo.

Choimisiúnaigh CNCM an taighde seo, a scríobh an Dr Patrick Burke agus an Dr Paula Lehane, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, chun ár dtuiscint ar an ról lárnach a bhíonn ag Comhtháthú, Oideolaíocht agus Measúnú chun tacú le taitneamh agus rannpháirteachas páistí san fhoghlaim a leathnú a thuilleadh. Cé go bhfuil saibhreas taighde náisiúnta agus idirnáisiúnta ar gach réimse ar leith, tá taighde teoranta déanta a dhíríonn ar a gcaidreamh sainiúil agus ar an gcaoi a n-oibríonn siad le chéile chun tacú le foghlaim páistí. Ní hamháin go bpléann na tuarascálacha leis an gcaidreamh seo ach déanann siad iniúchadh freisin ar thosca eile ar féidir leo tionchar a imirt ar fhoghlaim agus ar fhorbairt páistí, tosca ar nós cultúr na scoile. Tugtar aird ar leith freisin ar na himpleachtaí do chumas gníomhach an pháiste agus do chumas gníomhach an mhúinteora maidir le machnamh ar chur chuige i leith Comhtháthú, Oideolaíocht agus Measúnú.

Beidh tionchar suntasach ag an dá thuarascáil, ní hamháin ar obair CNCM maidir le athfhorbairt an churaclaim, ach ar an gcóras oideachais i gcoitinne, rud a shaibhreoidh ár gcomhthuiscint ar na deiseanna agus na dúshláin a cuireadh i láthair ag Comhtháthú, Oideolaíocht agus Measúnú. Reáchtálfaidh CNCM seimineár gréasáin ar líne ar an taighde ar an 25 Deireadh Fómhair ag 4:00i.n. Cláraigh anseo