An Pholaitíocht agus an tSochaí

Seoladh sonraíocht nua le haghaidh An Pholaitíocht agus an tSochaí an 1 Feabhra 2016 agus tugadh isteach í i roinnt bheag scoileanna i mí Mheán Fómhair 2016. Is é is aidhm leis An Pholaitíocht agus an tSochaí cumas an scoláire a fhorbairt le bheith ina shaoránach tuisceanach agus gníomhach, ar bhealach atá múnlaithe ag tuiscint agus scileanna maidir le heolaíocht shóisialta agus pholaitiúil. Is ábhar iomlán Ardteistiméireachta é, agus an líon céanna uaireanta teagaisc uaidh (180 uair an chloig) agus a bhíonn ag gach ábhar eile. Tá an Roinn Oideachais agus Scileanna ag tabhairt na sonraíochta seo isteach mar chuid den chomóradh ar 1916. Cuireann sé leis an tiomantas don oideachas le haghaidh forbairt inbhuanaithe freisin.