Ríomheolaíocht

Sceidealaíodh go dtabharfadh CNCM faoi athbhreithniú luath ar an gcur i bhfeidhm nuair a bheadh an cúrsa curtha i gcrích ag an gcéad chohórt de scoláirí ach cuireadh an plean seo ar fionraí i mí Mhárta 2020 mar gheall ar phaindéim Covid-19. Níorbh fhéidir tús a chur leis an athbhreithniú go dtí scoilbhliain 2022-23 nuair a bheadh na socruithe curaclaim agus measúnaithe comhlánaithe ag scoláirí mar atá leagtha amach sa tsonraíocht churaclaim.

Cuireadh an t-athbhreithniú ar chur i bhfeidhm luath REAT i gcrích i R4, 2022, chun aiseolas a thiomsú agus na nithe seo a leanas a fhiosrú:

  • mar atá an curaclam á chur i bhfeidhm agus mar a d’fhéadfaí é a fheabhsú
  • eispéireas an scoláire ar fhoghlaim agus measúnú
  • mar a bhíonn múinteoirí ag obair leis an gcuraclam.

San tuarascáil ar an athbhreithniú luath ar chur i bhfeidhm Ríomheolaíocht na hArdteistiméireachta, tabharfar forléargas ar an gcomhairliúchán a reáchtáladh mar chuid den athbhreithniú agus ansin tabharfar achoimre ar na torthaí. Bunaithe ar thorthaí an athbhreithnithe, tá leagtha amach ag deireadh na tuarascála croí-léargais agus croí-mholtaí i dtaca le mionathruithe ar an tsonraíocht.

Tugadh an tsonraíocht nuashonraithe isteach i scoileanna a chuireann Eolaíocht Ríomhaireachta na hArdteistiméireachta ar fáil ó Mheán Fómhair 2023.

Bróisiúr agus físeáin faisnéise Ábhair Ríomheolaíocht na hArdteistiméireachta  

Is féidir bróisiúr faisnéise ábhair le haghaidh chur i bhfeidhm náisiúnta Ríomheolaíocht na hArdteistiméireachta a úsáid chun eolas agus cúnamh a thabhairt do phobail scoile a mbealach a dhéanamh trí chúrsa Ríomheolaíocht na hArdteistiméireachta.

I mí Mheán Fómhair 2019, chruthaigh sé scoil chéim 1, i gcomhar le CNCM, físeáin chun eolas agus comhairle a thabhairt do scoileanna a bhí ag tosú amach le Ríomheolaíocht na hArdteistiméireachta sa chur i bhfeidhm náisiúnta. Tá na físeáin dírithe ar scoláirí, ar mhúinteoirí agus ar phríomhoidí. Tá siad oiriúnach freisin chun eolas a thabhairt do phobal na scoile maidir leis an ábhar go ginearálta agus faoin bpríomhthéama áirithe a thugtar thíos.

 Scoil   Earnáil  Príomhthéama
Gairmscoil na Mainistreach,
Dún na nGall
BOO Guth an Scoláire
(Úsáidí san fhíorshaol)
Coláiste Bhríde,
Baile Átha Cliath
Meánscoileanna Deonacha An chaoi a n-athraíonn an Ríomheolaíocht do smaointeoireacht
Coláiste na Ríochta,
Ciarraí
BOO An Ríomheolaíocht a chur ag obair i do scoil
Mount Temple Comprehensive,
Baile Átha Cliath
Pobalscoileanna agus Scoileanna Cuimsitheacha An chaoi a n-athraíonn an Ríomheolaíocht do smaointeoireacht
Meánscoil na Toirbhearta,
Tiobraid Árann
Meánscoileanna Deonacha An Ríomheolaíocht – níos mó ná códú
Coláiste Adhamhnáin,
Dún na nGall
Meánscoileanna Deonacha Comhoibriú sa Seomra ranga

Céim 1 – Seoladh agus Preaseisiúint

Ba é an 5 Feabhra 2018 an dáta a seoladh an Ríomheolaíocht, in Óstán Alexander, Baile Átha Cliath. I gcomhar leis an seoladh oifigiúil an mhaidin sin, sholáthair CNCM agus SFGM forbairt ghairmiúil leanúnach tosaigh don 40 scoil i gCéim 1 sa seisiún iarnóin.

Féach ar  phreaseisiúint na Roinne Oideachais agus Scileanna ina bhfoilsítear an liosta 40 scoil i gCéim 1 agus ina bhfógraítear go dtosóidh scoláirí i scoileanna Chéim 1 ag staidéar na Ríomheolaíochta i mí Mheán Fómhair 2018.

Meitheal Forbartha Ábhair

Chun bonn láidir, ionadaíoch agus freagrúil a sholáthar dá hobair churaclaim agus forbartha, d’fhorbair CNCM meithleacha forbartha chun tabhairt faoi thascanna sonracha in ábhair. Bhí ionadaithe i Meitheal Forbartha na Ríomheolaíochta ó réimse páirtithe leasmhara oideachais, lena n-áirítear comhlachtaí múinteoirí agus bainistíochta, an Roinn Oideachais agus Scileanna, agus Coimisiún na Scrúduithe Stáit. Féach ar chur síos gairid ar chruinnithe na meithle forbartha a reáchtáladh ó mhí an Mhárta go mí Dheireadh Fómhair 2017.

 

Cuireadh tús, ar bhonn céimnithe, le hábhar nua don Ardteistiméireacht – an Ríomheolaíocht – i scoileanna i mí Mheán Fómhair 2018. 

Faomhadh an tsonraíocht churaclaim i mí na Nollag 2017, agus seoladh an t-ábhar go hoifigiúil an 5 Feabhra 2018. Thug an tOllamh Brendan Tangney an príomhaitheasc agus sheol an tAire Richard Bruton an t-ábhar go hoifigiúil. Cuireadh bróisiúr ábhair ar fáil ag an seoladh, ina bpléitear cuid de phríomhghnéithe an chúrsa.

Is é is aidhm leis an Ríomheolaíocht san Ardteistiméireacht ná cruthaitheacht agus scileanna réitithe fadhbanna an fhoghlaimeora a fhorbairt agus a chothú, in éineacht lena chumas a bheith ag obair go neamhspleách agus i gcomhar le daoine eile. Cuirfidh an scoláire bunchleachtais agus bunchoincheapa na ríomheolaíochta i bhfeidhm agus forbróidh sé léirthuiscint ar ról éagsúil na teicneolaíochta ríomhaireachta sa tsochaí agus sa timpeallacht ina bhfuil cónaí air. Cothóidh staidéar ar an ríomheolaíocht spéis agus paisin sa scoláire agus tabharfaidh sé cumhacht dó chun dul i ngleic go muiníneach agus go gníomhach leis an domhan.

Chun bonn eolais a chur leis an bhforbairt, rinne an CNCM coimisiúnú ar thaighde ar sholáthar idirnáisiúnta na ríomheolaíochta ar leibhéal sinsearach meánscolaíochta. Is féidir teacht ar an tuarascáil ar an taighde sin ach an nasc seo a leanúint:

Report on the provision of Computer Science at Upper Second Level Internationally

Anuas air sin, choimisiúnaigh CNCM taighde maidir leis na tosca a mbíonn tionchar acu ar mheasúnú Ríomheolaíocht na hArdteistiméireachta trí scrúdú ar an ríomhaire. Is féidir teacht ar an bpáipéar tríd an nasc thíos:

Leaving Certificate Computer Science: Factors to consider when developing a computer-based examination