Teangacha Clasaiceacha - an tSean-Ghréigis agus an Laidin

Tá CNCM i mbun athbhreithniú agus athfhorbartha ar an gcuraclam le haghaidh Teangacha Clasaiceacha na hArdteistiméireachta - an tSean-Ghréigis agus an Laidin.

Comhthéacs

Cuireann CNCM comhairle ar an Aire Oideachais faoi chúrsaí curaclaim agus measúnaithe don oideachas luathóige, do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna. Mar chuid den athchóiriú níos leithne ar an tsraith shinsearach, tá sé beartaithe sonraíocht nua do Laidin agus Sean-Ghréigis na hArdteistiméireachta (Teangacha Clasaiceacha) a thabhairt isteach i scoileanna ó mhí Mheán Fómhair 2024. Beidh ról lárnach ag Meitheal Forbartha Theangacha Clasaiceacha na hArdteistiméireachta san obair seo. Cuimsíonn an mheitheal seo ainmnithe de chuid na gcomhpháirtithe oideachais, na Roinne Oideachais agus príomhghníomhaireachtaí oideachais eile. 

Tá an dréachtsonraíocht do Theangacha Clasaiceacha na hArdteistiméireachta: An tSean-Ghréigis agus an Laidin ceadaithe le haghaidh comhairliúcháin phoiblí.

Dréachtsonraíocht do Theangacha Clasaiceacha na hArdteistiméireachta: An tSean-Ghréigis

Dréachtsonraíocht do Theangacha Clasaiceacha na hArdteistiméireachta: Laidin

Mairfidh an tréimhse chomhairliúcháin ón Aoine 8 Nollaig 2023 go dtí Dé hAoine an 23 Feabhra 2024.

Is éard atá i gceist leis an gcomhairliúchán ná teagmháil dhomhain le réimse leathan páirtithe leasmhara. Déanfaidh CNCM teagmháil freisin le scoileanna chun páirt a ghlacadh i bhfócasghrúpaí scoilbhunaithe a bhfuil múinteoirí, daltaí agus ceannairí scoile páirteach iontu.

Tugaimid cuireadh duit a bheith páirteach agus do thuairimí a chur in iúl maidir leis na dréachtsonraíochtaí. Is féidir leat:

Cabhróidh an t-aiseolas ón gcomhairliúchán seo le bonn eolais a chur faoi obair Ghrúpa Forbartha Teangacha Clasaiceacha na hArdteistiméireachta chun an dréachtsonraíocht a bheachtú sula gceadófar agus sula bhfoilseofar í go críochnaitheach.

Ba é an chéad chéim i bhforbairt Theangacha Clasaiceacha na hArdteistiméireachta ná an taighde a rinneadh agus an Cháipéis eolais agus Treoir a foilsíodh (Samhain 2020) don athbhreithniú ar an ábhar.

Cáipéis Eolais

Reáchtáladh comhairliúchán poiblí ar an gCáipéis Eolais agus Treoir ón 15ú Nollaig 2020 go dtí an 15ú Feabhra 2021 agus foilsíodh tuarascáil ar an gcomhairliúchán i mí Aibreáin 2021.

Tuarascáil Comhairliúcháin ar an gCáipéis Eolais

Tionóladh meitheal forbartha Theangacha Clasaiceacha na hArdteistiméireachta ar an 11ú Samhain 2020 agus chuir siad chun cinn forbairt dhá shonraíocht nua, bunaithe ar threoir agus ar thorthaí an chomhairliúcháin ar an gCáipéis Eolais.

Dréachtsonraíocht na Sean-Ghréigise

Dréachtsonraíocht na Laidine

Reáchtáladh comhairliúchán poiblí ar dhréachtsonraíochtaí Theangacha Clasaiceacha na hArdteistiméireachta (an Laidin agus an tSean-Ghréigis) ón 19ú Deireadh Fómhair 2021 go dtí an 18ú Eanáir 2022 agus foilsíodh tuarascáil ar an gcomhairliúchán i mí Feabhra 2022.

Comhairliúchán Poiblí ar na Dréachtsonraíochtaí

Chuir Comhairle CNCM stad le hobair Mheithle Forbartha na Sraithe Sinsearaí i mí na Bealtaine, 2022, le go bhféadfaí tuilleadh taighde agus meastóireachta a dhéanamh, sna sála ar fhoilsiú Athbhreithniú na Sraithe Sinsearaí: Tuarascáil Chomhairleach (CNCM, Márta 2022). Ar chur i gcrích an taighde seo, rinneadh Meitheal Forbartha na dTeangacha Clasaiceacha a ationól i mí na Bealtaine, 2023.

Is ionann na treoirphrionsabail, a bhfuil cur síos orthu sa Tuarascáil Chomhairleach, agus slat tomhais don Mheitheal Forbartha agus iad ag ullmhú sonraíochtaí curaclaim do Theangacha Clasaiceacha na hArdteistiméireachta.