Intreoir d’Athbhreithniú ar an tSraith Shinsearach

Athbhreithniú ar an tSraith Shinsearach

Cuireann athbhreithniú na sraithe sinsearaí an deis ar fáil chun iniúchadh a dhéanamh ar thaithí foghlama scoláirí na sraithe sinsearaí agus chun fís chomhroinnte don tsraith shinsearach a chruthú chomh maith le bunús láidir a imreoidh tionchar ar churaclam a chomhlíonann riachtanais gach foghlaimeora i ndáiríre sna blianta amach romhainn.

Bhí trí chéim mar chuid den athbhreithniú ar an tsraith shinsearach go dtí seo: an scóip a mheas; athbhreithniú scoile agus seimineáir náisiúnta ina dhiaidh; agus céim chomhairliúcháin.

Céim 1: an scóip a mheas (2016-2017), sainaithníodh príomhthéamaí le fiosrú agus bunaíodh próiseas trína gcuirfear an t-athbhreithniú i gcrích.

Céim 2: athbhreithniú scoilbhunaithe agus seimineáir náisiúnta (2018-2019), cruthaíodh deis chun oibriú le 41 scoil ar fud na tíre le tuairimí múinteoirí, scoláirí agus tuismitheoirí ar oideachas na sraithe sinsearaí a bhailiú, a anailísiú agus a phlé. Rinneadh an t-athbhreithniú scoile thar dhá thimthriall. Dhírigh timthriall a haon ar chuspóirí oideachas na sraithe sinsearaí. Dhírigh timthriall a dó ar chonairí, ar chláir agus ar sholúbthacht. Rinne ITES (ERSI) anailís ar an aiseolas ó scoileanna i ngach timthriall agus cuireadh i láthair é ag Seimineáir Náisiúnta le haghaidh níos mó plé le réimse leathan páirtithe leasmhara. Is féidir leat rochtain a fháil ar achoimre ar thaipéis shaibhir na dtuairimí agus na smaointe a tháinig chun cinn i dtimthriall 1 anseo, agus iarraimid ort chomh maith  tuairisc iomlán ITES ar thimthriall a haon,  tuairisc ITES ar thimthriall a dó agus an tuairisc ilchodach ar thuairimí scoláirí, múinteoirí agus tuismitheoirí ar oideachas na sraithe sinsearaí ón ITES a léamh. Féadfar teacht ar achoimre ar chéim a dó sa Tuairisc Eatramhach ar an athbhreithniú ar an tSraith Shinsearach.

Céim 3: Cuireadh na téamaí a tháinig chun cinn san athbhreithniú le chéile sa cháipéis Chomhairliúcháin ar Athbhreithniú na Sraithe Sinsearaí. D’fheidhmigh an cháipéis seo mar bhunús taobh thiar den chomhairliúchán poiblí  a tharla idir mí Iúil agus mí na Samhna 2019. Tá achoimre ar an gcomhairliúchán ar fáil sa Tuairisc Comhairliúcháin Phoiblí Nollaig 2019.

Beidh tuairisc chomhairleach á cruthú mar an chéad chéim eile den athbhreithniú. Beidh réimsí tosaíochtaí, spriocanna níos fadtéarmaí agus sceideal beartaithe agus comhairle maidir le luas agus scála na bhforbairtí sa tsraith shinsearach san áireamh sa tuairisc. Eiseofar an tuairisc don Aire Oideachais agus Scileanna lena breithniú.

 

Coinnigh ar an eolas faoin bplé agus glac páirt sa chomhrá maidir leis an tsraith shinsearach trí @NCCAie a leanúint ar Twitter agus ar www.ncca.ie/seniorcycle.

Diagram showing Senior Cycle Review stages from years 2016 to 2019 with linking arrows