Feasacháin agus Foilseacháin

Léigh na feasacháin agus foilseacháin is úire ar athfhorbairt na sraithe sinsearaí

Senior Cycle Review: Advisory Report Press Release

Feasachán na Sraithe Sinsearaí:  Súil chun cinn

Tugann an feasachán seo forbhreathnú ar an Athbhreithniú ar an tSraith Shinsearach: Tuarascáil Chomhairleach, a foilsíodh le déanaí agus a dhéanann cur síos ar athfhorbairt oideachas na sraithe sinsearaí in Éirinn

 

Athbhreithniú ar an tsraith shinsearach 2016-2021

 

Tugann an bheochan físe forbhreathnú ar scéal an athbhreithnithe ar an tsraith shinsearach. Cuireadh tús leis an athbhreithniú ar an tsraith shinsearach go déanach in 2016 agus chuimsigh sé trí chéim d’obair.

Díríodh Céim a hAon ar thaighde idirnáisiúnta mar ar imscrúdaíodh an tsraith shinsearach i ndlínsí eile. Reáchtáladh Céim a Dó i scoileanna agus fuarthas dearcthaí múinteoirí, scoláirí agus tuismitheoirí. Chruinnigh sraith seimineár ar fud na tíre múinteoirí, ceannairí scoile, scoláirí, tuismitheoirí, agus páirtithe leasmhara le chéile chun tuilleadh plé a dhéanamh ar na smaointe a bhí ag teacht chun cinn agus na réimsí ar gá breithniú orthu. Díríodh Céim a Trí ar chomhairliúchán poiblí le fócasghrúpaí náisiúnta, aighneachtaí scríofa agus/nó suirbhé ar líne. Bhí sraith cruinnithe déthaobhacha le páirtithe leasmhara san oideachas ann freisin.

Is féidir sonraí iomlána ar chéimeanna an athbhreithnithe agus ar an iliomad foinsí lenar treoraíodh forbairt an Athbhreithniú ar an tSraith Shinsearach: Tuarascáil Chomhairleach a fháil anseo.