Tuarascáil Chomhairleach ar an tSraith Shinsearach

Léigh Athbhreithniú ar an tSraith Shinsearach: Tuarascáil Chomhairleach

Tá leagtha amach san Athbhreithniú ar an tSraith Shinsearach: Tuarascáil Chomhairleach cuspóir agus fís shoiléir le haghaidh sraith shinsearach athfhorbartha mar aon le treochlár chun Creat don tSraith Shinsearach a chruthú. Mar bhonn agus mar thaca faoin obair seo, i gcónaí, beidh teagmháil dhíreach le páirtithe leasmhara agus le scoileanna.

Tá an Tuarascáil Chomhairleach leagtha amach ina cheithre chaibidil. Tugann caibidil a haon léargas soiléir ar an gcuspóir, an fhís agus na prionsabail threoracha a stiúrfaidh gach duine, a bhfuil baint acu leis an oideachas, agus an tsraith shinsearach á hathfhorbairt sna blianta amach romhainn. Déanann caibidil a dó cur síos ar an obair atá le déanamh ag CNCM, i gcomhpháirt le scoileanna agus páirtithe leasmhara, a chuimsíonn trí phríomhréimse: Conairí agus Solúbthacht, Comhpháirteanna den Churaclam agus Measúnú, Tuairisciú agus Aistriú. Díríonn caibidil a trí ar na príomhfhachtóirí – nó ‘coinníollacha fabhracha’ – atá riachtanach chun tacú le hathfhorbairt na sraithe sinsearaí. Ar deireadh, leagann caibidil a ceathair plean and sceideal amach d’athfhorbairt na sraithe sinsearaí thar thrí chéim fhorluiteacha.