An Idirbhliain

Clár bliana is ea Clár na hIdirbhliana, a dhéantar mar chlár chéad bhliana i sraith shinsearach trí bliana i mórchuid scoileanna. Ceapadh é mar dhroichead idir an tSraith Shóisearach agus clár na hArdteistiméireachta. Tá sé ar fáil do na hiar-bhunscoileanna uile agus do thromlach na hiar-bhunscoileannan tá clár IB ar fáil do na scoláirí. Clár roghnach is ea é i bhformhór na scoileanna.

Is faoi gach scoil a clár Idirbhliana féin a cheapadh, laistigh de threoirlínte socraithe, a oirfidh do riachtanais agus d'ábhair spéise a scoláirí féin.

Idiraonaid

Comhpháirteanna nua curaclaim is ea Idiraonaid, a thógann 45 uair an chloig d'am tráthchláir. I dteannta modúl níos giorra agus eispéireas foghlama eile, is féidir le scoileanna roinnt Idiraonad a thairiscint mar chuid de chlár na hIdirbhliana. Ní cúrsaí 'scrúdúcháin' atá i gceist le hIdiraonaid ach cúrsaí a dhéantar a mheasúnú mar chuid den teagasc agus den fhoghlaim a dhéantar san aonad.