Amharc-ealaín

Tá an comhairliúchán poiblí maidir leis an Athbhreithniú ar Léargais Luatha ar shonraíocht Amharc-ealaíne na Sraithe Sóisearaí oscailte anois.

I gcomhréir leis an gCreat don tSraith Shóisearach (2015), tugadh isteach sonraíochtaí ábhair nua do Nuatheangacha Iasachta agus Amharc-ealaín na Sraithe Sóisearaí i scoileanna i mí Mheán Fómhair 2017 mar chuid de Chéim 3 de thabhairt isteach sonraíochtaí nua ábhair. Thug an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) faoi athbhreithniú ar an léargas luath idir Feabhra agus Márta 2023 chun aiseolas a bhailiú agus chun na nithe seo a leanas a mheas agus a fhiosrú:
 
an chaoi a bhfuil ag éirí leis na sonraíochtaí an fhoghlaim lena bhfuiltear ag súil sna hábhair sin agus sa Chreat don tSraith Shóisearach go ginearálta a chur chun cinn
gnéithe measúnaithe de na hábhair agus tuairimí na scoláirí agus na múinteoirí orthu
conas a úsáideann múinteoirí a mbreithiúnas gairmiúil d’fhonn an tsonraíocht nua a stiúradh sna scoileanna agus sna seomraí ranga.
 

Forbróidh Amharc-ealaín an t-eolas, na scileanna agus an tuiscint atá riachtanach chun saothar barántúil agus bunaidh ealaíne, ceardaíochta agus dearaidh a tháirgeadh agus chun dul i ngleic leis. Trína dhéanamh sin, tosóidh sé ag forbairt na litearthachta amhairc, na scileanna criticiúla agus na teanga atá riachtanach le dul i ngleic leis an gcultúr comhaimseartha. Cuirfidh sé seo le tuiscint an scoláire ar róil shaibhre agus éagsúla na healaíne, na ceardaíochta agus an dearaidh i sochaithe agus i gcultúir idir stairiúil agus chomhaimseartha.

Beidh feidhm le siollabas Ealaíne, Ceardaíochta, Dearaidh an Teastais Shóisearaigh don scoláire a thosaigh sa chéad bhliain roimh Mheán Fómhair 2017.

I gcás scoláirí a thosaigh sa chéad bhliain i mí Mheán Fómhair 2017 nó ina dhiaidh sin, beidh feidhm le sonraíocht Amharc-ealaíne na Sraithe Sóisearaí. Le tacú leis an tsonraíocht, tá Treoirlínte Measúnaithe agus Samplaí Oibre ar fáil.

Is féidir féachaint ar an dá cheann anseo

Tugadh isteach an tsonraíocht le haghaidh Amharc-ealaín na Sraithe Sóisearaí i scoileanna i mí Mheán Fómhair 2017. Cuireadh tús le forbairt na sonraíochta i mí Feabhra 2015.

Déantar iniúchadh sa pháipéar cúlra agus sa tuarascáil chomhairliúcháin ar Amharc-ealaín na Sraithe Sóisearaí ar fhorbairt an ábhair sa sraith shóisearach; leagtar béim ar dhea-chleachtas sa bhaile agus thar lear; agus úsáidtear taighde bunaithe ar fhianaise mar bhonn agus mar thaca d’athbhreithniú na sonraíochta.

Tá ionadaithe i nGrúpa Forbartha na hAmharc‑ealaíne ó réimse páirtithe leasmhara oideachais, lena n-áirítear comhlachtaí múinteoirí agus bainistíochta, an Roinn Oideachais agus Scileanna, agus Coimisiún na Scrúduithe Stáit. Is féidir teacht ar thuarascálacha ó chruinnithe an ghrúpa forbartha anseo.

Forbraíodh dréachtsonraíocht d’Amharc-ealaín na Sraithe Sóisearaí ó mhí Feabhra 2015 - Nollaig 2016. Tá an dréachtsonraíocht agus an tuarascáil chomhairliúcháin ar fáil anseo.