Béarla

Díríonn Béarla na Sraithe Sóisearaí ar scileanna cumarsáide, ar chruthaitheacht agus léirthuiscint ar théacsanna litearthachta, digiteacha agus amhairc an scoláire a fheabhsú trí na trí shnáithe idirnasctha de theanga ó bhéal, léitheoireacht agus scríbhneoireacht.

Léirithe Spéise ó Mhúinteoirí Béarla na Sraithe Sóisearaí

Fáiltíonn CNCM roimh léirithe spéise ó mhúinteoirí Béarla iar-bhunscoile ar mhaith leo a bheith páirteach in athbhreithniú maidir leis an ábhar atá leagtha síos do Bhéarla na Sraithe Sóisearaí (úrscéalta, filíocht agus scannáin). Cuirfear tús leis an obair seo i mí Dheireadh Fómhair 2023.

Fáiltítear roimh iarratais ó mhúinteoirí reatha Béarla iar-bhunscoile a shásaíonn na critéir seo a leanas:
• taithí ar shonraíocht Bhéarla na Sraithe Sóisearaí a mhúineadh agus a bheith á múineadh faoi láthair
• suim agus/nó saineolas faoi leith i Litríocht an Bhéarla (m.sh., spéis nó saineolas faoi leith i litríocht, drámaíocht agus scannáin do dhéagóirí)
• ábalta freastal ar shraith cruinnithe ó mhí Dheireadh Fómhair 2023

Más spéis leat páirt a ghlacadh san obair seo, líon isteach an fhoirm léirithe spéise seo roimh 5 p.m. Dé hAoine, 22 Meán Fómhair le do thoil.

Roghnófar iarrthóirí bunaithe ar thaithí ábhartha múinteoireachta (Béarla na Sraithe Sóisearaí) agus ar aon mhúinteoireacht agus/nó taighde ábhartha eile ar litríocht an Bhéarla.

Chomh maith leis na critéir thuas, cuirfear comhthéacs scoile an iarrthóra san áireamh freisin. D’fhéadfadh gearrliostú a bheith i gceist.

Cuirfear clúdach ionadaíochta agus maoirseachta chomh maith le costais taistil agus chothaithe ar fáil do gach cruinniú.

Tá sé mar aidhm ag Béarla eolas an scoláire ar theanga agus ar litríocht a fhorbairt agus a scileanna litearthachta a dhoimhniú. Gabhann an scoláire do raon leathan téacsanna labhartha, scríofa agus amhairc agus smaoiníonn siad go criticiúil fúthu agus cruthaíonn siad téacsanna dá gcuid féin. De réir mar a leathnaíonn a gcuid scileanna chun teanga a úsáid, feabhsaíonn scileanna cumarsáide an scoláire agus tugann sé sin cumhacht dó rannchuidiú leis an tsochaí mar shaoránaigh ghníomhacha cneasta. Tá an tsonraíocht, na Treoirlínte Measúnaithe agus Samplaí Oibre do Bhéarla na Sraithe Sóisearaí ar fáil anseo.

Tugadh isteach an tsonraíocht le haghaidh Béarla na Sraithe Sóisearaí i scoileanna i mí Mheán Fómhair 2014. Athfhoilsíodh an tsonraíocht in 2015, ag cuimsiú athruithe ar an gCreat don tSraith Shóisearach. Cuireadh tús le forbairt na sonraíochta i mí Mheán Fómhair 2012. Déantar iniúchadh sa pháipéar cúlra agus san athbhreithniú ar Bhéarla na Sraithe Sóisearaí ar fhorbairt an ábhair sa tsraith shóisearach; leagtar béim ar dhea-chleachtas in Éirinn agus thar lear; agus úsáidtear taighde bunaithe ar fhianaise mar bhonn agus mar thaca d’athbhreithniú na sonraíochta.

Tá ionadaithe i nGrúpa Forbartha an Bhéarla don tSraith Shóisearach ó réimse páirtithe leasmhara oideachais, lena n-áirítear comhlachtaí múinteoirí agus bainistíochta, an Roinn Oideachais agus Scileanna, agus Coimisiún na Scrúduithe Stáit. Is féidir teacht ar thuarascálacha ó chruinnithe an ghrúpa forbartha anseo.

Forbraíodh dréachtsonraíocht le haghaidh Béarla na Sraithe Sóisearaí ó Mheán Fómhair 2012 go Bealtaine 2013. Tá an dréachtsonraíocht agus an tuarascáil chomhairliúcháin ar fáil anseo.

Foilsíodh tuairisc ar an luath-chur i bhfeidhm i ndiaidh chur i bhfeidhm na sonraíochta i 2014 agus déanadh leasuithe ar an tsonraíocht. Foilsíodh an dara tuairisc ar an gcur i bhfeidhm in 2020 chun athbhreithniú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na sonraíochta. Tá na tuairiscí seo ar fáil thíos.